Donegal County Council Logo
Baile > Pobal > Maoiniú do do choiste > An Clár Feabhsú Pobail

An Clár Feabhsú Pobail

An Clár Feabhsú Pobail 2021

Thig le coistí pobail i gceantracha faoi mhíbhuntáiste cur isteach ar mhaoiniú faoin Chlár Feabhsaithe Pobal:

 

Tá an Clár le haghaidh Feabhsú Pobail 2021 seolta ag an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail, ina bhfuil buiséad iomlán náisiúnta de €4.5 milliún. 

 

Tá ciste de €159,461.00 curtha ar fáil don Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall.

 

  • Cuirfidh an Clár um Feabhsú Pobail (CFP) deontais bheaga ar fáil chun cuidiú le háiseanna a athoscailt, amhail ionaid phobail, botháin fear agus ban, hallaí paróiste, grúpaí spóirt agus ionaid óige. 
  • Tá an maoiniú ar fáil chun cuidiú le grúpaí agus cumainn a chur ar a mbonnaí arís agus thig é a úsáid le hobair athchóirithe agus deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh nó chun trealamh a cheannach amhail táblaí agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaí, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, foscáthanna, trealamh traenála agus mar sin de. 
  • Leagann an Clár Feabhsú Pobail béim ar thacaíocht a thabhairt do ghrúpaí i gceantracha atá faoi mhíbhuntáiste.

 

Is é Coiste um Fhorbairt Poail Áitiúil Dhún na nGall a dhéanfaidh an Clár a riar thar cheann na Roinne.

 

Rialacha

Tá dhá chatagóir i gceist chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Chlár Feabhsú Pobail 2021, mar seo a leanas:

1.   Deontas Mór

      Deontas Caipitil i dtreo tionscadal nó trealaimh a chuireann feabhas          ar áiseanna.

2.    Deontas Beag

       (a)  Deontas aon-uaire chun cuidiú le costais a bhaineann le háis a                 athoscailt nó le hinbhuanaitheacht áise, a bhfuil san áireamh                      costais ón 1 Eanáir 2021 amhail billí fóntais etc.

        (b)  Deontas Caipitil i dtreo tionscadal nó trealaimh a chuireann                      feabhas ar áiseanna. 

 

Caithfidh coistí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chuig an Údarás Áitiúil ina bhfuil siad suite, agus is féidir le hiarratasóirí i nDún na nGall an fhoirm iarratais atá ar fáil ag an nasc thíos a úsáid.

 

Níl gá le comh-mhaoiniú ó fhoinsí eile le go gceadófaí deontas.

Féach Treoracha don Chlár Feabhsú Pobail 2021  fá choinne tuilleadh eolais.

 

Caithfidh na coistí atá ag déanamh iarratais na rudaí seo a leanas a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas ar mhaoiniú:

 

  • Clárú Cánach (Uimhir Stádas Carthanachta, Uimhir Thagartha Cánach nó Uimhir Rochtana um Dheimhniú Imréitigh Cánach)
  • Sonraí Cuntais Bhainc nó Cuntais Chomhar Creidmheasa (cóip de Ráiteas ar na mallaibh)

 

Rátaí


Beidh dhá léibhéal deontais ar fáil faoin Chlár seo:-

  • Deontais bheaga (a) agus (b) ó €500 suas go dtí uasmhéid de €1,000 le haghaidh gach togra.
  • Deontais Mhóra ó €5,000 suas go dtí €10,000 don togra

 

An dóigh le hiarratas a dhéanamh

 

Caithfidh do ghrúpa Foirm Iarratais don Chlár Feabhsú Pobail 2021 a chomhlánú agus a chur isteach chuig an Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall (LCDC) i gcomhar leis na doiciméid riachtanacha a ghabhann leis, chuid an seoladh seo a leanas:

An Clár Feabhsú Pobail
Forbairt Pobail
Comhairle Contae Dhún na nGall
Oileán an Stáisiúin
Leifear
F93 X7PK
Co. Dhún na nGall

 Is féidir iarratais a chur trí ríomhphost chuig [email protected], ach is gá cóip chrua a chur sa phosta ina dhiaidh sin, chomh maith leis na doiciméid ghaolmhara.

 

Is é an dáta deireanach a ghlacfadh le hiarratais ná 3pm Déardaoin 1 Iúil 2021. 

Ní chuirfear san áireamh aon iarratas a gheofar ina dhiaidh sin. 

 

Foirmeacha Iarratais / Doiciméid Tacaíochta

Foirm Iarratais don Chlár Feabhsú Pobail 2021

Treoracha don Chlár Feabhsú Pobail 2021

Ag aimsiú comhordanáidí suímh

Imleabhar 1: Plean Áitiúil Eacnamaíochta & Pobail Dhún na nGall‌ - – Straitéis,

 

Na doiciméid seo ar fáil i mBéarla ach brúigh ar 'English' ag barr an leathanach seo.