Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin

    18 Nollaig 2023    Tuairisc ar Bhearna Pháighe idir na hInscní 2023

    Tuairisc foilisithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an Bhearna Pháighe idir na hInscní, ag taispeáint na difríochta, mar chéatadán, idir an méid a fhaigheann fir agus mná Léigh leat

    19 Nollaig 2023    Glaoch Oscailte d'Ealaíontóirí agus Dearthóirí

    Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg iarrataisí ó ealaíontóirí nó ó dhearthóirí chun moltaí a dhéanamh i dtaca le Gradam Bliantúil Dhiaspóra na hÉireann Tip Uí Néill a athdhearadh don bhliain 2024 Léigh leat

    20 Nollaig 2023    Ceapachán le déanamh ar NWEA

    20 Nollaig 2023     Ceapachán le déanamh ar NWEA

    Tá iarrtais á lorg ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu le post amháin mar Stiúrthóir Seachtrach a líonadh ar Bhord Eatramhach Chomhlacht Ghníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt. Léigh leat

    02 Eanáir 2024    Fógra maidir le Rátaí Tráchtála 2024

    TUGTAR FÓGRA LEIS SEO, de réir Alt 3 de na Rialacháin Rátaí Rialtais Áitiúil (Gnásanna Airgeadais) 2023 gurb é €0.232 an Luacháil Inrátáilte Bhliantúil (LIB) Léigh leat

Ról na hOifige Cumarsáidí

Is é an ról atá ag Oifig Cumarsáide Chomhairle Contae Dhún na nGall ná a bheith i dteagmháil leis na meáin chumarsáide lena chinntiú go bhfuil cumarsáid éifeachtach á déanamh leis an phobal.  

 

Cad é a dhéanann muid?

 

  • Soláthraíonn muid seirbhís fiosrúcháin ó Chomhairle Contae Dhún na nGall do na meáin chumarsáide.
  • Cuireann muid eolas oifigiúil ar fáil do na meáin thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall.
  • Dréachtann muid, agus eisíonn muid, preas-ráitis agus cuireann muid scéalta chun tosaigh a bhaineann le Comhairle Contae Dhún na nGall.
  • Tarraingímid aird ar na seirbhísí, tacaíochtaí agus gníomhaíochtaí atá ar fáil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.
  • Éascaíonn muid an caidreamh agus an teagmháil idir an eagraíocht seo agus na meáin.
  • Déanann muid maoirseacht ar sheirbhísí idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar a n-áirítear a cuid suíomhanna gréasáin agus leathanaigh meáin shóisialta.

Ag déanamh fiosrúchán preasa

 

Le fiosrúchán preasa nó fiosrúchán meáin a dhéanamh, déan teagmháil lenár nOifig Cumarsáidí ag [email protected] nó cuir scairt ar 074 91 72206.

 

Ba chóir gach ceist eile a dhíriú chuig Comhairle Contae Dhún na nGall