Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Roghanna Tithíocht Shóisialta > Ligean ar bhonn rogha

Ligint ar bhonn Rogha

 

Tithe ar fáil le Ligint ar bhonn Rogha

 

Níl aon sealúchas ar fáil faoi láthair lena dtig iarratas a dhéanamh ina leith faoin scéim Ligean ar bhonn Rogha.

 

Cad é an rud é Ligint ar bhonn Rogha?

 

Is é atá i Ligint ar bhonn Rogha (LBR) ná modh is féidir a úsáid le tithíocht shóisialta a dháileadh, modh atá ceaptha le níos mó roghanna agus rannpháirtíochta a thairiscint do theaghlaigh atá ag déanamh iarratais ar theach nua a roghnú.  Ligtear an tithíocht shóisialta atá ar fáil trí sin a fhógairt go hoscailte, ag tabhairt deis do theaghlaigh cháilithe iarratas a dhéanamh ar na tithe atá ar fáil. 

 

Is é is teaghlach cáilithe ann ná teaghlach a chuir isteach ar thacaíocht tithíochta sóisialta agus a bhfuil a n-iarratas ceadaithe, nó teaghlach atá i ndiaidh tacaíocht tithíochta sóisialta a fháil cheana féin agus a bhfuil iarratas déanta acu chun aistriú go dtí foirm eile tacaíochta agus a bhfuil a n-iarratas ar a leithéid d'aistriú ceadaithe.  Caithfidh iarratasóirí gníomhú as a stuaim féin le freagairt d'fhógraí agus le hiarratas a dhéanamh ar theach ar mhaith leo cónaí ann.

 

Cad iad na cineálacha tithe lena mbaineann an scéim?

 

Ní bhaineann an scéim seo ach le tithe atá ainmnithe go sonrach ag Comhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh Ligint ar bhonn Rogha, agus déantar tagairt dóibh ansin mar 'tithe tairisceana'.

 

Cad é mar a dhéantar na tithe a fhógairt?

 

Nuair atá sealúchas ainmnithe lena dháileadh de réir Ligint ar bhonn Rogha, foilseofar fógraí i dtaca leis an sealúchas, agus ag lorg iarratas, sa chéad seachtain d'aon mhí ina bhfuil an sealúchas ar fáil.  Is mar seo a leanas a dhéanfar na fógraí:

 

Ag oifig an cheanncheathrú i Leifear

Ar líne ag www.donegalcoco.ie

In achan cheann de na hIonaid Seirbhísí Poiblí

In achan Leabharlann Phoiblí

 

Cad é mar is féidir le teaghlaigh / líonta tí iarratas a dhéanamh ar shealúchas atá fógartha?

 

Teaghlach ar bith is mian leo a bheith curtha san áireamh maidir le teach tairisceana a dháileadh caithfidh siad, laistigh de thrí seachtaine ó fhoilsiú an fhógra, iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus aon eolas tacaíochta atá sonraithe san fhógra a chur ar fáil.  In achan fhógra i dtaca le sealúchas leagfar amach na riachtanais ar leith a bhaineann leis an iarratas ar aon teach ar leith.

 

Maidir le teach tairisceana a dhiúltú

 

Sa chás go ndiúltaíonn an teaghlach glacadh le tairiscint réasúnta i dtaca le teach tairisceana, ní bheidh an teaghlach sin, go ceann tréimhse bliana ó dháta an diúltaithe, i dteideal iarratas eile a dhéanamh de réir Ligint ar bhonn Rogha, chuig aon Údarás Áitiúil, fá choinne teach tairisceana a fháil.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO