Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Oifig Ealaíon an Chontae

Eolas Fúinn

 

Oibríonn an tSeirbhís Ealaíne go dlúth le raon leathan ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíne, soláthraithe seirbhíse oideachais agus grúpaí pobail i ngach cuid de Chontae Dhún na nGall.  

Ag teacht le haidhmeanna agus cuspóirí ‘Cultúr: Fís Straitéiseach do Sheirbhísí Cultúrtha 2016-2020’, cinntíonn an obair seo –

  • go bhfuil teacht rialta ag an phobal ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha ionas gur féidir leo páirt fiúntach a ghlacadh iontu;
  • go bhfuil luach na n-ealaíon curtha chun cinn chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’earnáil na n-ealaíon trí réimse leathan tionscnamh forbartha, clár imeachtaí agus tacaíochtaí eile nach iad a chur ar fáil.

 

Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall le croí mór maith an tacaíocht airgeadais leanúnach ó Chomhairle na nEalaíon i go leor de na tionscnaimh agus na cláir atá luaite acu cheana féin.  Tá an Chomhairle Ealaíon ina comh-mhaoinitheoir ar chlár forbartha ealaíon Chomhairle Contae Dhún na nGall ó 1988