Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Mótarcháin

Mótarcháin

 

Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí - Fógra Príobháideachta

 

 

 

Tá iachall ar Chomhairle Contae Dhún na nGall iarraidh ar chustaiméirí  sonraí pearsanta áirithe a chur ar fáil ionas is gur féidir linn ár ndualgais reachtaíochta agus riaracháin a chomhlíonadh don oifig Mótarchánach thar ceann na Roinne Iompair, Turasóireachta & Spóirt (RITS).

 

 

 

 Caithfidh Comhairle Contae Dhún na nGall go príobháideach le gach eolas agus sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú faoi rún, de réir na Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí agus an reachtaíocht um Chosaint Sonraí.

 

 

 

Faoi shainchúram na RITS, is féidir de réir an dlí, go roinnfear do shonraí pearsanta leis na gníomhaireachtaí atá luaite thíos:

 

 

 

• Garda Síochána - imscrúduithe coiriúla.

 

• Gníomhaireachtaí Stáit - imscrúduithe sibhialta agus coiriúla e.g. neamhíocaíocht táillí dola.

 

• Aturnaetha - imscrúduithe sibhialta agus coiriúla e.g. timpistí tráchta ar bhóithre.

 

• Údaráis Áitiúla - imscrúduithe sibhialta agus coiriúla e.g. fíneálacha bruscair.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tá na sonraí faoin pholasaí um chosaint sonraí na RITS chomh maith le cur síos ar an dóigh a mbainfidh muid úsáid as do chuid sonraí pearsanta agus do chearta féin faoin pholasaí ar fad ar fáil ag  www.dttas.gov.ie/dataprotection.

 

Tá sonraí an pholasaí seo ar fáil i gcóip chrua ach iad a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó i scríbhinn chuig an Aonad um Chosaint Sonraí, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Lána Líosain, Baile Átha Cliath D02 TR60

 

 

Uaireanta Oscailte: 9:15 am - 12:15 pm & 1:15 pm - 3pm

 

 

 

 

 

Na háiteanna ina bhfuil Oifigí Mótarchánach suite

 

ISP Charn Domhnach, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach

 

ISP Bhaile Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall

 

ISP an Chlocháin Léith, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath

 

ISP Leitir Ceanainn, Bóthar Neil T Uí Bhléine, Leitir Ceanainn

 

Ionad na dTrí Abhainn, Leifear

 

ISP Bhaile na nGallóglach, An Phríomhshráid, Baile na nGallóglach

 

 

Rphost: [email protected]

 

Uimh. Ghutháin: 074-9153900

 

Uaireanta Oscailte: 9.15 - 12.15 agus 1.15 - 3.00

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO