Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > An Earnáil Turasóireachta a fhorbairt

Táirge Turasóireachta Dhún na nGall a Fhorbairt

Ár dTáirge Turasóireachta a Fhorbairt 

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall roinnt scéimeanna ar fáil a thacaíonn le forbairt na hearnála turasóireachta i nDún na nGall.

 

(Cliceáil na teidil thíos fá choinne tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais)

 

 

Maoiniú le haghaidh Féilte Réigiúnacha agus Imeachtaí Rannpháirteacha i nDún na nGall 2023

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg iarratais ar mhaoiniú faoi Chlár na bhFéilte Réigiúnacha agus Imeachtaí Rannpháirteacha. Is é is aidhm leis an Chlár seo tacú le féilte agus imeachtaí rannpháirteacha a chuirfidh borradh faoin turasóireacht intíre agus a chuirfidh feabhas ar eispéireas an chuairteora.

 

Tá an próiseas iarratais seo druidte anois.

 

 

Fá choinne fiosrúchán, déan teagmháil le: [email protected] nó cuir scairt ar 074 9153900.

 

 

Togra Suíochán Cois Farraige Bhun Dobhráin, ag Carrclós Thaobh an Iarthair

 

Tá Rannóg Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle freagrach as gníomhaíochtaí gnó agus turasóireachta a chur chun cinn sa chontae. Tacóidh an togra seo le gnólachtaí agus iad ag aistriú i dtreo an fháilteachais lasmuigh agus imeachtaí fóillíochta lasmuigh.

 

Tá rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall na hoibreacha seo a leanas a dhéanamh:

 

  • Áit suí úr lasmuigh a thógáil, ina bhfuil spás le haghaidh imeachtaí cultúrtha agus stórála; agus

 

  • Na hoibreacha gaolmhara ar fad, ar a n-áirítear athruithe ar an charrchlós atá ann cheana féin, feabhsúcháin ar an tsoilsiú phoiblí, draenáil agus áiseanna, ceangal le seirbhísí, tírdhreachú, comharthaíocht ábhartha a fhorbairt, agus ealaín phoiblí laistigh den fhorbairt ina hiomláine.

 

Beidh na hoibreacha gaolmhara suímh ar fad suite laistigh de bhaile fearainn Mhachaire Cairthe, Bun Dobhráin, i gCeantar Bardais Dhún na nGall.