Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > Ag tacú le gnó agus geilleagar

Ag tacú le Fiontraíocht, Forbairt Áitiúil agus Fás Eacnamaíochta

 

I gcomhpháirtíocht le hÁisíneachtaí Stáit, tá Comhairle Contae Dhún na nGall réamhghníomhach i dtaca lena bhonneagar eacnamaíochta a fhorbairt agus a chothú le haghaidh Infheisteoirí Díreacha, idir Dhúchasach agus Eachtrannach.

 

Fá choinne tuilleadh eolais infheistíochta ar a bhfuil le tairiscint ag Dún na nGall d'infheisteoirí an lae inniu agus amach anseo, tabhair cuairt ar http://www.donegal.ie/portal/business/business.html 

 

Plean Gníomhaíochta le haghaidh Postanna - Aibreán 2013

 

Ar an 29 Aibreán 2013, sheol Comhairle Contae Dhún na nGall leagan áitiúil den Tuairisc "Ag Tacú le Fiontraíocht, Forbairt Áitiúil agus Fás Eacnamaíochta".  Tugann an tuairisc seo léargas ar thart fá 195 ghníomhaíocht, aicsean agus thogra a rinne Comhairle Contae Dhún na nGall in 2012 chun tacú le fiontraíocht, forbairt áitiúil agus fás eacnamaíochta i gContae Dhún na nGall.  Díríonn sé aird fosta ar ról Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir le tacaíocht a thabhairt agus éascaíocht a dhéanamh ar athbheochan eacnamaíochta inár bpobail áitiúla trí infheistíocht sa bhonneagar, trí chruthaitheacht agus nuálaíocht a chothú san earnáil gnó agus trí bheith ag obair le príomhpháirtithe leasmhara straitéiseacha, go háirithe trí bheith ag obair le páirtnéirí ar Bhord Forbartha Contae Dhún na nGall chun forbairt eacnamaíochta an chontae a chur chun cinn, na coinníollacha a chuideodh le fás agus téarnamh geilleagrach a chruthú, agus caighdeán maith maireachtála a chothabháil don phobal.

Déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall an tuairisc seo a uasdátú ar bhonn bliantúil.  Ba chóir cliceáil ar an nasc seo a leanas le hamharc ar an tuairisc, nó lena híoslódáil. 

Plean Gníomhaíochta le haghaidh Postanna - Ag Tacú le Fiontraíocht, Forbairt Áitiúil agus Fás Eacnamaíochta

 Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Bn. Uas. Róisín McBride trí ríomhphost [email protected] 

 

CAMPA GNÓ 

Is é atá i gceist leis an Champa Gnó ná clár nualaíoch a dhírítear go gníomhach ar fhiontraithe óga agus ar úinéirí gnólachta idir 16 - 35 bliana d'aois chun a gcuid gnólachtaí féin a thosú nó a mhéadú.

 

Le níos mó eolais a fháil ar an togra iontach seo féach an nasc leis seo - Campa Gnó

 

Nó, mar mhalairt air sin, is féidir amharc ar an taispeántas sleamhnáin ó Chomhdháil Ceangal Gnó Dhún na nGall a reáchtáladh i mBaile Dhún na nGall - http://enterpriseni.com/video-channel