Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht - Environment > Dumpáil Mhídhleathach

Gearáin i dtaca le Bruscar agus Dramhaíl

Is ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a thugtar aghaidh i dtosach nuair a bhíonn gearán le déanamh ag baill den phobal i dtaca le caitheamh bruscair nó dumpláil mhídhleathach, trí Lár-Ionad Teagmhála na Comhairle ar (074) 91 53900. Tá roinnt dóigheanna eile le gearán a dhéanamh lasmuigh d'uaireanta oifige ó do ghuthán póca trí bheolíne an GCC Dumpáil Lucht Dumpála 1850 365 121 nó ar líne ag www.fixyourstreet.ie, is féidir tuilleadh sonraí a fháil thíos.



Freagraíonn an Chomhairle gearáin ón phobal agus ón GCC trína foireann de chúigear Maor Bruscair, a bhfuil duine acu lonnaithe in achan cheann de na Toghcheantair sa Chontae, agus na hOifigigh Rialachán Dramhaíola lonnaithe i Leifear.



Is féidir gearán ón phobal a dhíriú chuig Comhairle Contae Dhún na nGall, Lár-Ionad Teagmhála (074) 9153900 agus ansin déanfar é seo a chur ar aghaidh chuig an duine cuí lena scrúdú.

 

 

Beolíne Gearáin an GCC, Dumpáil Lucht Dumpála 1850 365 121

 

Sa chás go bhfeiceann ball den phobal caitheamh bruscair nó dumpáil mhídhleathach lasmuigh d'uaireanta oifige na Comhairle, nó más mian leo gearán a dhéanamh go díreach leis an GCC, is féidir leo gearán a dhéanamh faoi rún tríd an Bheolíne Dumpáil an Lucht Dumpála. Bítear ina bhun seo 24/7 agus cuirfear an gearán ar aghaidh chuig Comhairle Contae Dhún na nGall nuair a osclófar na hoifigí arís. Is í an uimhir theagmhála atá ann le haghaidh

 

Deisigh do Shráid

Is é atá in“fixyourstreet.ie” seirbhís trína dtig leat scéala a chur chuig do Chomhairle áitiúil faoi cheisteanna éagsúla.  Mar chuid de fixyourstreet.ie tá suíomh idirlín poiblí ann, chomh maith le teicneolaíochtaí gaolmhara do ghléasanna soghluaiste, ar ar féidir scéala a chur faoi cheisteanna neamh-éigeandála ar nós graifítí, fabhtanna bóthair, fadhbanna le soilsiú sráide, fadhbanna le sceitheadh uisce agus cúrsaí draenála, agus bruscar nó an dumpáil mhídhleathach.

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO