Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Mótarcháin > Cáin a chur ar d'fheithicil

An dóigh le feithicil a chlárú

An dóigh le feithicil a chlárú

 

Tá an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (NCTS) ceapaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun réimse dualgas maidir le clárú feithiclí a dhéanamh ar a son. 

 

Ní mór duit coinne a dhéanamh leis an NCTS taobh istigh de 7 lá ón dáta a thagann an fheithicil  isteach sa Stát agus an clárúchán sin a bheith críochnaithe taobh istigh de 30 lá ón dáta a tugadh an fheithicil isteach sa Stát.

Is féidir leat coinne a dhéanamh trí –

 

Scairt ar (costas áitiúil)  1890 927 787

 

Ar linesuíomh Gaeilge / suíomh Béarla

 

Eolas maidir le Cáin Chlárúcháin Feithicle ar fáil ag: suíomh Gaeilge na gCoimisinéirí Ioncaim / suíomh Béarla

 

  Cáin Mhótair Ar Líne - www.motarchain.ie  nó www.motortax.ie 

 

 

Teastais Clárúcháin Feithicle

 

Eiseofar Teastas Clárúcháin Feithicle nuair atá cáin ar an fheithicil.

 

 

 

Rangúchán na bhfeithiclí

Feithiclí Príobháideacha

Feithiclí Earraí

Feithiclí Díolmhaithe

Feithiclí Aisghabhála

Ceardlanna Soghluaiste

Mótarcharbháin

Feithiclí Móra Seirbhíse Poiblí agus Bus Óige/Pobail

Bus Scoile

Otharchairr

Feithicil Bheag Seirbhíse Poiblí - Tacsaí, Hacnaí, Limisín

Seanré agus Seandéanamh

Feithicil Oileáin

Leantóirí

Cuadrothair

lomairí suí

 

Cáin a chur ar Fheithiclí Príobháideacha

 

Ionas gur féidir leat cáin a chur ar charr nua don chéad uair nó ar charr atá iompórtáilte, beidh seo a leanas de dhíth ort:

 

Foirm Iarratais RF100 (le fáil ó dhíoltóir na ngluaisteán má cheannaítear carr nua nó ó Ionad NCTS más carr iompórtáilte é, bíodh sin ina  charr nua nó ina charr dara láimhe.  Ní mór an fhoirm a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a bheith cinnte go bhfuil sonraí bailí árachais curtha isteach agat. 

Táille cuí. (Féach Rátaí Dleachta)

 

 

Chun cáin a athnuachan ar fheithicil phríobháideach:

 

Foirm iarratais chomhlánaithe, i.e. Meabhrúchán RF100B (is í seo an fhoirm ríomhairithe a eisítear ón tSionainn) nó Foirm Athnuachana Cánach RF100A (ar féidir í a fháil ón MTO, ó Oifig an Phoist nó ón Gharda Síochána).  Ní mór don fhoirm a bheith comhlánaithe go hiomlán agus sínithe ag an úinéir cláraithe agus cinnte go bhfuil na sonraí bailí árachais curtha isteach.

• Táille cuí.

 

Chun cáin a athnuachan ar fheithicil nuair atá gá le hathdhearbhú (e.g. athrú ar sheoladh, athrú ar rangú, athrú innill), ní mór duit:

 

Foirm Dhearbhaithe Athraithe Sonraí RF111 a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a chinntiú go bhfuil na sonraí bailí árachais curtha isteach. 

 

Leabhar Clárúcháin / Ceadúnú Feithicle / Teastas Clárúcháin Feithicle. Táille cuí.

Chun an t-inneall a athrú (teastaíonn sonraí deimhnithe faoin athrú innill ar pháipéar sainchlóite garáiste).

 

Mí amháin tar éis do dháta athnuachana cánach, beidh riaráistí cánach mótair dlite ar d’fheithicil.

Is gá tástáil a dhéanamh ar ghluaisteáin phríobháideacha/phaisinéirí faoi Threoir 96/96 / CE an AE agus cuireadh tús leis seo ar an 4 Eanáir 2000. Tá NCT dlite 4 bliana cruinn ón dáta a cláraíodh an gluaisteán (lá/mí / bliain) in Éirinn nó thar lear - cibé acu é is luaithe) agus dlite gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.

 

 

I láthair na huaire ní iarrann Oifigí Mótarchánach teastais NCT chun críocha cánachais, ach meastar go bhféadfadh sé seo athrú amach anseo. 

 

Cuirtear in iúl do chustaiméirí, áfach, go bhfuil oibleagáid orthu fós a bhfeithicil a chur faoi thástáil NCT.   Is cion é carr a úsáid atá faoi dhliteanas tástála in áit phoiblí gan deimhniú NCT agus tháinig pointí pionóis i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2009 do thiománaithe a ghabhtar ag tiomáint feithicle gan NCT bailí.  Is é an Garda Síochána atá freagrach as an dlí seo a fhorfheidhmiú.

 

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais?

http://www.ncts.ie

Ba chóir ceisteanna maidir le haon ghné den NCT a dhíriú chuig:

Fiosrúcháin na gCustaiméirí, an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (NCTS), Céide an Locha 3026, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24.

Teil: 1890 200 670; Facs: 01 - 413 5996; Ríomhphost: [email protected]

 

Uimhir Áirithinte 1890 412 413

Tá trí ionad tástála i nDún na nGall: Doirí Beaga, Leitir Ceanainn agus Baile Dhún na nGall.

 

Cáin a chur ar Fheithiclí Earraí 

Gearrtar cáin ar Fheithiclí Earraí bunaithe ar mheáchan neamhualaithe na feithicle.

 

 

 

 

Caithfear feithicil a thógáil nó a chur in oiriúint mar fheithicil de rangú N1, N2 nó N3 de chuid an AE.  Déantar feithiclí faoi Chatagóir N a dhearadh agus a thógáil go príomha chun earraí a iompar agus caithfidh cumas iompair earraí na bhfeithiclí sin a bheith cothrom nó níos mó ná an méid daoine is féidir a iompair iontu.

Ní rachaidh líon na suíochán, gan suíochán an tiománaí san áireamh, thar:

                6 i gcás feithiclí N1 nó

                8 i gcás feithiclí N2 nó N3

Caithfear na feithiclí a úsáid chun earraí a iompar le linn cúrsaí trádála nó gnó amháin.

 

Ní mór d’fheithiclí os cionn aon bhliain d’aois dul faoi thástáil ródacmhainneachta.

Féach an rannóg Teagmhálacha d’Ionaid Tástála Údaraithe.

 

Gearrtar cáin ar ‘Tacsaithe Criú’ anois ag úsáid Foirm Dearbhaithe Earraí amháin.

 

Chun an chéad cháin a chur ar fheithicil earraí nua nó allmhairithe tá seo thíos de dhíth ort:

 Foirm Iarratais RF100.

 

Foirm Dhearbhaithe Earraí Amháin RF111A, má tá DGVW níos lú ná 3,500kgs.  Ní mór d’úinéirí a n-Uimhir Chláraithe Cánach a líonadh isteach ar an fhoirm dearbhaithe earraí amháin.

 

Duillín Meáchain ó Dhroichead Meáite Údaraithe.

 

 

Féach an rannóg Teagmhálacha le haghaidh liosta.

 

Teastas ródacmhainneachta.

 

Táille.

 

Tá sé éigeantach fosta do theastas árachais a chur ar fáil agus tú ag déanamh iarratais ar cháin mhótair tráchtála d’fheithiclí le DVGW suas le 3,500kgs.

 

Chun cáin mhótair a athnuachan ar fheithicil earraí:

 

Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe i.e. Foirm Mheabhrúcháin RF100B (saincheisteanna ó VRU, an tSionainn) nó Foirm Athnuachana RF100A a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a bheith cinnte go bhfuil sonraí árachais líonta isteach. 

 

I gcás úinéir nua, caithfear an fheithicil a mheá má tá sí os cionn 2,501KG gan lód uirthi.  Má tá difríocht shuntasach sa mheáchan, ansin caithfidh an t-iarratasóir an chúis atá leis an difríocht a lua i scríbhinn agus iarraidh ar na Gardaí an méid sin a shíniú agus a stampáil.

Má tá an t-úinéir nua agus an meáchan níos lú ná 3,500kgs DGVW níl ach dearbhú earraí le cuir isteach. Ní mór d’úinéirí a n-Uimhir Chláraithe Cánach Ioncaim a líonadh isteach ar an fhoirm dearbhaithe.

 

 

 

 

Tá sé riachtanach fosta do theastas árachais a chur ar fáil agus iarratas a dhéanamh agat don chéad uair chun cháin mhótair tráchtála a chur ar fheithiclí le DGVW suas le 3,500kgs.

 

Deimhniú Reatha um Acmhainneacht Bóthair nó ráiteas pas bailí ón Ionad Tástála Údaraithe.

 

Táille Chuí.

 

Aonaid Altacha Tarracóra

 

Meastar gur feithicil aonair í Feithicil Altach (i.e. feithicil agus leathleantóir) agus tá cáin mhótair iníoctha ar bhonn mheáchan neamhualaithe an aonaid tarracóra móide meáchan neamhualaithe an leathleantóra is troime a úsáidfear ag am ar bith le linn tréimhse an cheadúnais. I gcás athrú úinéireachta, caithfear í a mheá leis an leantóir is troime uirthi nuair atá iarratas á dhéanamh ag an  úinéir nua cáin mhótair a chur ar an fheithicil don chéad uair. 

 

Caithfear Aonad Tarracóra agus Leantóir a mheá ag droichead meáchain údaraithe. Teastaíonn CRW, duillín meáchain, Teastas Máistrí Meáchain agus RF100 comhlánaithe go hiomlán.

 

Níl aon chostas breise eile iníoctha maidir le húsáid feithicle chun leantóir nó taobhcharr a tharraingt. Meánn leoraí altach 9,000kg meáchan neamhualaithe ar a laghad.

 

 

 

 

Cáin Mhótair ar Fheithiclí Díolmhaithe

 

Tiománaithe faoi Mhíchumas

Chun díolúine a fháil ó cháin – Déan teagmháil le:   An Phríomh-Oifig Íocaíochta, Custaim agus Máil, Cúil Seannach, Co Mhuineacháin

 047 62100

 

Chun suaitheantais / greamáin a fháil d’fheithicil dhíolmhaithe - Déan teagmháil le:  Cumann na dTiománaithe faoi Mhíchumas, Baile an Domhain, Co Mhaigh Eo 094 9364266

 

Tá na feithiclí seo a leanas díolmhaithe ó dhliteanas cáin mhótair feithicle a íoc: -

 

1. Feithiclí faoi úinéireacht an stáit;

2. Feithiclí taidhleoireachta;

3. Feithiclí atá díolmhaithe faoi na Rialacháin um Thiománaithe faoi Mhíchumas agus Paisinéirí faoi Mhíchumas (Lamháltais Chánach), 1994 (S.I. Uimh. 353 de 1994);

4. Feithiclí (lena n-áirítear aon timthriall le ceangaltán chun í a thiomáint le cumhacht mheicniúil) nach mó ná 400 cileagram de réir meáchain neamhualaithe arna oiriúnú agus a úsáidtear le haghaidh easláin;

5. Feithiclí a úsáidtear go heisiach chun báid tarrthála agus a bhfearas nó aon trealamh a iompar (cibé acu trí iompar nó tarraingt) agus chun aon chuidiú a thabhairt chun beatha agus maoin a chaomhnú i gcásanna longbhriste agus anacair ar muir;

6. Feithiclí a úsáidtear go heisiach chun tabhairt faoi tarrtháil sléibhe agus tarrtháil uaimheanna;

 

10. Feithiclí a úsáidtear go heisiach chun tabhairt faoi cuardaigh agus aisghabhálacha faoi uisce;

11. Feithiclí a úsáidtear go heisiach chun innealra tógála bóthair a iompar (cibé acu trí iompar nó tarraingt) agus go bhfuil an t-innealra sin mar chuid den fheithicil nó ceangailte léi go buan,  agus nach n-iompraítear ach earraí a bhaineann leis an innealra tógála bóthair nó ábhair a úsáidtear chun bóithre a thógáil nó a dheisiú;

 

12. Cairteacha bruscair, meaisíní scuabtha nó meaisíní spréite uisce  a úsáidtear go heisiach chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh;

13. Otharcharranna, rollóirí bóthair nó innill dóiteáin;

14. Feithiclí de chuid an údaráis áitiúil agus a úsáidtear go heisiach sa

tseirbhís dóiteáin;

Ní mór don chóras ríomhaireachta NVDF a bheith suas chun dáta sa dóigh is go bhfuil sé le feiceáil go soiléir ar an chóras go bhfuil an fheithicil díolmhaithe ó cháin.   Muna bhfuil, beidh ar an Oifig Cháin Mhótair a hincháilitheacht a fhíorú trí theagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim, Cashelshanaghan, Muineachán, Teil: 047 82800 nó DDA, Ballindine, Co Mhaigh Eo - Teil: 094 9364266 sula mbeifear in ann cáin a chur ar an fheithicil mar fheithicil dhíolmhaithe.

 Más rud é nach bhfuil feithicil i dteideal díolúine a thuilleadh agus má tá diosca bailí go fóill ar an fheithicil, ba cheart d’úinéir na feithicle an diosca agus an Teastas Clárúcháin Feithicle a thabhairt ar láimh don Oifig Cháin Mhótair is gaire dó agus an t-airgead breise atá faoi dhliteanas cánach a íoc ag an ráta príobháideach;

Má dhíolann tú feithicil agus má tá diosca díolmhaithe bailí go fóill ar an fheithicil, socraigh le do thoil an diosca díolmhaithe a thabhairt isteach chuig an Oifig Cháin Mhótair is gaire duit chun go gcuirfear é ar ceal.

 

Cáin mhótair ar Fheithiclí Tarrthála

 

Caithfear feithiclí tarrthála a chur faoi thástáil ródacmhainneachta nuair atá siad aon bhliain d’aois.

 

Ní mór do dhaoine, ar mian leo cáin a chur ar fheithicil don chéad uair mar fheithicil tharrthála, teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Clós Innealra ar (074) 9172382 chun dáta agus am a shocrú chun an fheithicil a thabhairt chuig an Chlós Innealra lena scrúdú.  De ghnáth déantar na cigireachtaí gach Dé Máirt. 

Cé go bhféadfadh sé gur dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim/ CTanna feithicil cheana féin mar fheithicil aisghabhála nuair a bhí sí á hiompórtáil, is gá do Chlós Innealra Chomhairle Contae Dhún na nGall a iniúchadh fós.

 

Teastaíonn tuairiscí cigireachta fosta nuair a athraítear úinéireacht ar an fheithicil.

 

Mar ullmhúchán do na cigireachtaí, ba chóir d’úinéirí na bhfeithiclí an uimhir fonnaidh a aimsiú ar an fheithicil.  Beidh orthu an leabhar clárúcháin / VRC / VLC, teastas árachais bailí agus deimhniú ródacmhainneachta reatha nó ráiteas pas bailí ó Thástáil Údaraithe a chur i láthair ar lá na cigireachta.

 

Is féidir tuairiscí cigireachta folmha a fháil ó na hoifigí Cáin Mhótair  ionas go mbeidh úinéir na feithicle ar an eolas faoi na sainréimsí tástála ar a ndéanfar an fheithicil a iniúchadh.

 

 

 

Ar lá na cigireachta beidh ar an úinéir foirm dearbhaithe reachtúil RF104 a chomhlánú ag dearbhú go n-úsáidfear an fheithicil mar “Fheithicil Tarrthála” amháin i.e. go n-úsáidfear go heisiach í maidir le feithicil, atá in úsáid do dhaoine faoi mhíchumas, a ardú, a tharraingt agus a iompar agus a dhearbhú go bhfuil Árachas Trádálaithe Mótair / Tarrthála iomchuí i bhfeidhm faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961.

 

Tar éis iniúchadh sásúil a dhéanamh ar an fheithicil, tabharfar deimhniú don chustaiméir a thabharfaidh siad ar aghaidh ansin don MTO lena bhfoirm athnuachana cánach RF100a, Foirm RF104, ráiteas pas / CRW reatha agus an táille chuí agus é ag déanamh iarratais ar cháin a chur ar an fheithicil.

 

Cáin Mhótair a chur ar Cheardlanna Soghluaiste

 

Caithfear ceardlanna soghluaiste a chur faoi thástáil ródacmhainneachta nuair atá siad aon bhliain d’aois.

 

Ní aithnítear  veaineanna uachtar reoite nó veaineanna sceallóg mar Cheardlanna Soghluaiste.  Mar sin, ba chóir cáin a ghearradh orthu ag an ráta earraí/tráchtála iomchuí.

 

Ní mór do dhaoine ar mian leo cáin a ghearradh ar fheithicil don chéad uair mar Cheardlann Soghluaiste teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Clós Innealra ar (074) 9172382 chun dáta agus am a shocrú chun an fheithicil a thabhairt chuig an Chlós Innealra le haghaidh scrúdaithe.  Déantar cigireachtaí ar an Mháirt.

 

 

Cé go bhféadfadh sé gur dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim feithicil cheana féin mar Cheardlann Soghluaiste nuair a bhí sí á hiompórtáil, ní mór don Chlós Innealra an fheithicil seo a iniúchadh fosta.

 

Teastaíonn tuairiscí cigireachta fosta nuair a athraítear úinéireacht.

 

 

Mar ullmhúchán do na cigireachtaí, ba chóir d’úinéirí na bhfeithiclí an uimhir fonnaidh a aimsiú ar an fheithicil.  Beidh orthu an leabhar clárúcháin / VRC / VLC, teastas árachais bailí agus deimhniú ródacmhainneachta reatha nó ráiteas pas bailí ó Thástáil Údaraithe a chur i láthair ar lá na cigireachta. 

Is féidir tuairiscí cigireachta folmha a fháil ó na hoifigí Cáin Mhótair  ionas go mbeidh úinéir na feithicle ar an eolas faoi na sainréimsí tástála ar a ndéanfar an fheithicil a iniúchadh.

 

Tar éis iniúchadh sásúil a dhéanamh ar an fheithicil, tabharfar deimhniú don chustaiméir a thabharfaidh siad ar láimh ansin lena bhfoirm athnuachana cánach, a ráiteas pas / CRW reatha agus an táille chuí agus é ag déanamh iarratais ar cháin a chur ar an fheithicil.

 

Cáin Mhótair ar Mhótarcharbháin

 

Athnuachan Cánach RF100A. Ní mór an fhoirm a chomhlánú agus a síniú go hiomlán agus a chinntiú go bhfuil na sonraí bailí árachais líonta isteach ar an fhoirm.

Deimhniú Ródacmhainneachta Reatha. Caithfear mótarcharbháin a thástáil ar an cheathrú bliain ón chéad chlárú agus ina dhiaidh sin gach 2 bhliain go dtí go mbeidh an fheithicil 10 mbliana d’aois agus beidh tástáil bhliantúil de dhíth ina dhiaidh sin.

Chun cáin a chur ar an mhótarcharbhán don chéad uair nó cáin a chur ar mhótarcharbhán don chéad uair i ndiaidh roinnt leasaithe a dhéanamh air, ba chóir don úinéir teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim agus tabharfaidh siad treoir maidir le hiniúchadh ceart na feithicle.  Nuair atá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcomhlíonann an fheithicil na rialacháin go léir, socróidh siad go ndéanfar taifead na feithicle a nuashonrú agus ansin is féidir leis an úinéir iarratas a dhéanamh chun cáin a chur ar an fheithicil ag an ráta cánach do mhótarcharbháin.

 Ní mór foirm dearbhaithe mótarcharbháin a chomhlánú fosta.

 

Cáin mhótair a chur ar Fheithicil Mhór Seirbhíse Poiblí agus Bus Óige/ Pobail

 

Ní mór 9 suíochán paisinéirí nó níos mó a bheith acu agus gearrtar cáin orthu bunaithe ar acmhainn suíocháin.

Deimhniú Ródacmhainneachta reatha - déantar tástáil air gach bliain

Ní mór an fhoirm athnuachana cánach a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a chinntiú go bhfuil na sonraí árachais líonta isteach.

Táille iomchuí

Ceadúnas PSV eisithe ag an Chigire PSV, Leitir Ceanainn.  Caithfear an ceadúnas seo a thabhairt ar láimh don MTO gach uair atá cáin a athnuachan ar fheithicil mhór na Seirbhíse Poiblí.

 

Mas mian leis an úinéir cáin a chur ar bhus mar Bhus Óige/Pobail, caithfidh sé litir dearbhaithe a fháil ón Ghrúpa Pobail, FSS srl a chuireann síos go mion ar úsáid na feithicle.  Ní féidir an fheithicil a thabhairt ar cíos agus ní féidir aon airgead a shaothrú aisti.    

 

 

 

Cáin Mhótair ar Bhus Scoile - N.B. Ní mór an fheithicil a úsáid le haghaidh turais scoile agus gníomhaíochtaí scoile amháin.

 

Caithfidh deimhniú na nGardaí a fháil (Airteagal 60 Ceadúnas Bus Scoile)

Deimhniú Ródacmhainneachta reatha – scrúdú gach bliain

Ní mór an fhoirm iarratais a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a chinntiú go gcuirtear na sonraí árachais isteach.

Táille iomchuí. 

 

Cáin mhótair ar Otharcharr

 

NB Le go ndéanfar feithicil a rangú mar Otharcharr agus díolúine ó cháin a fháil, caithfidh an fheithicil sínteán agus trealamh míochaine a iompar agus suíocháin a bheith aici d’fhoireann leighis, is é cuspóir otharchairr daoine breoite / gortaithe a iompar chuig áiteanna cúnaimh i.e. ospidéal , caithfear an fheithicil a mharcáil mar Otharcharr agus bonnáin mar is ceart a bheith uirthi.

 

Deimhniú Ródacmhainneachta reatha - déantar scrúdú gach bliain

Ní mór an fhoirm iarratais a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a chinntiú go bhfuil sonraí árachais curtha isteach.

Táille as deimhniú ródacmhainneachta a fháil. 

 

Cáin mhótair ar Fheithicil Bheag Seirbhíse Poiblí

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Choimisiún Neamhspleách um Rialáil Tacsaithe ag 01 6593800 nó trí r-phost ag coimisiú[email protected]

 

Chun cáin a chur ar fheithicil mar fheithicil tacsaí:

 

Tá cead ag tacsaithe páirceáil ar shráideanna agus tá cead ag an phobal iad a stopadh, is féidir suas le 8 suíochán paisinéirí a bheith iontu;

Caithfidh an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe an ceadúnas tacsaí a eisiúint agus caithfidh sé a bheith bailí ar an lá a eisítear cáin mhótair agus caithfidh uimhir chláraithe a bheith ar an cheadúnas;

Ní mór an fhoirm Athnuachana Cánach a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a chinntiú go gcuirtear na sonraí árachais isteach.

Táille iomchuí

 

Chun cáin a chur ar fheithicil mar fheithicil hacnaí:

 

Ní cheadaítear do hacnaithe páirceáil ar shráideanna agus ní féidir le duine comhartha a thabhairt chun iad a stopadh.  Is féidir suas le 8 suíochán paisinéirí a bheith iontu;

Ní mór ceadúnas hacnaí bailí a bheith eisithe ag an Choimisiún um Rialáil Tacsaithe agus caithfidh an ceadúnas hacnaí a bheith bailí ar an lá a eisítear cáinmhótair agus caithfidh an uimhir chlárúcháin a bheith ar an cheadúnas;

Ní mór an fhoirm Athnuachana Cánach a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán  agus a chinntiú go gcuirtear na sonraí árachais isteach.

Táille iomchuí. 

 

Chun cáin mhótair a chur ar fheithicil mar fheithicil Límisín:

Is féidir le límisíní suas le 8 suíochán paisinéirí a bheith iontu.

Ní mór Ceadúnas Límisín bailí a bheith eisithe ag an Choimisiún um Rialáil Tacsaithe agus caithfidh an ceadúnas a bheith bailí ar an lá a eisítear cáin mhótair agus caithfidh an uimhir chlárúcháin a bheith ar an cheadúnas.

 

Ní mór an fhoirm Athnuachana Cánach a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a chinntiú go gcuirtear na sonraí árachais isteach.

Táille iomchuí.

 

Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfidh NCT reatha a bheith ag Feithiclí Beaga Seirbhíse Poiblí sula n-eisíonn an Coimisiún um Rialáil Tacsaithe an ceadúnas cuí.

 

Cáin mhótair a chur ar fheithicil seanré agus ar fheithicil den seandéanamh  

Rangaítear feithicil mar sheanré/den seandéanamh nuair atá sí 30 bliain d'aois ó dháta a monaraithe agus is féidir leas a bhaint as an  ráta lamháltais atá i bhfeidhm;

Mura bhfuil na doiciméid chlárúcháin chuí ag úinéir na feithicle a thaispeánann go soiléir an dáta monaraithe agus mura bhfuil an Oifig Cáin Mhótair in ann aon sonraí den sórt sin a aimsiú ar an chóras Ríomhaireachta Náisiúnta Feithicle nó ó thaifid níos sine a choinnítear in Áras an Chontae, Leifear, caithfidh úinéir na feithicle litir a fháil ón déantóir a dhearbhaíonn an dáta monaraithe agus caithfidh an dearbhú sin a bheith  i bhfoirm scríbhinn ar pháipéar cheannteidil an déantóra. 

Mura féidir é sin a dhéanamh, caithfear an fheithicil a athchlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim / NCTanna agus uimhir chláraithe nua a fháil. Ní mór an fhoirm athnuachana cháin mhótair a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a chinntiú go bhfuil na sonraí árachais líonta isteach.

Táille iomchuí.

Níl NCT / CRW riachtanach le haghaidh feithiclí seanré ag an phointe seo. 

 

Cáin mhótair ar Fheithicil Oileáin

 

Chun cáin a chur ar fheithicil mar Fheithicil Oileáin, caithfidh an t-úinéir Deimhniú Feithicil Oileáin a fháil ó Stáisiún na nGardaí is gaire don Oileán lena mbaineann. Níl feithiclí oileáin le húsáid ar tír mór, má úsáidtear iad ar tír mór ag am ar bith ba chóir cáin mhótair a chur ar an fheithicil ag an ráta príobháideach iomchuí.

Ní mór an fhoirm athnuachana cáin mhótair a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán agus a chinntiú go gcuirtear na sonraí árachais isteach.

Táille iomchuí

Níl NCT / CRW de dhíth le haghaidh Feithiclí Oileán

 

Clárú/Cáin mhótair a chur ar Leantóirí

 

Ní mór leantóirí nua nó iompórtáilte os cionn 3,500kg Ollmheáchan Dearaidh Feithicle (GDVW), a úsáidtear chun earraí a iompar, a bheith cláraithe san Oifig Cháin Mótair.

 

Tá feidhm go fóill ag ceanglas dlíthiúil an ceadúnas leantóra a athnuachan go bliantúil mar aon le deimhniú bailí um ródacmhainneacht a chur isteach (a luaithe a bheidh an leantóir ceadúnaithe sa tír seo ar feadh bliana) don leantóir fiú amháin chun a cheadú nach bhfuil aon táille ag teastáil.

 

Ní mór deimhniú cineálcheadaithe a bheith in éineacht le Leantóirí Earraí Troma a mhonaraítear in aon chéim amháin ag monaróir aonair ar nó i ndiaidh 29 Deireadh Fómhair 2012 (leantóirí críochnaithe) Trailers) le go mbeidh siad ceadúnaithe don chéad uair in Éirinn.

 

Tá Leantóirí Earraí Troma atá deartha le tarraingt go heisiach ag tarracóirí talmhaíochta agus leantóirí atá deartha agus tógtha go heisiach le húsáid ag na Fórsaí Cosanta, Cosaint Shibhialta, Garda Síochána nó Seirbhísí Dóiteáin díolmhaithe ón cheanglas deimhniú cineálcheadaithe a bheith acu beag beann ar an dáta monaraithe atá acu.

 

 

An  chéad cheadúnú de leantóirí a monaraíodh in aon chéim amháin ar nó i ndiaidh an 29 Deireadh Fómhair 2012:

 

Foirm Iarratais TF100

Foirm TF300A - deimhniú aitheantais meáchain leantóra/ leathleantóra.

Déanfaidh an monaróir / cóimeálaí nó a ghníomhaire údaraithe an deimhniú seo a chomhlánú agus a stampáil. Muna bhfuil seo indéanta, (ba chóir na cúiseanna  a lua ar an fhoirm) ba chóir don iarratasóir an deimhniú a chomhlánú agus an dearbhú a shíniú.

Deimhniú Cineálcheadaithe - D’fhonn leantóir a cheadúnú nó ceann a cláraíodh roimhe seo i mBallstát eile den AE a cheadúnú, iarrfar ort deimhniú cláraitheachta a sholáthar ón mBallstát ábhartha nó mar mhalairt air sin, litir ón údarás náisiúnta cláraithe/ceadúnaithe na leantóirí.

Táille € 60.     

 

Leathnófar na riachtanais maidir le cineálcheadaithe  chuig: 

Leantóirí a mhonaraigh i níos mó ná céim amháin, i.e. ag níos mó ná monaróir amháin ar nó i ndiaidh 29 Deireadh Fómhair 2013.

 

Leantóirí a bhfuil cuspóirí faoi leith acu a monaraíodh ar nó i ndiaidh 29 Deireadh Fómhair 2014.

An Chéad Cheadúnú de Leantóirí a monaraíodh roimh an 29 Deireadh Fómhair 2012 agus lasmuigh de scóip an chineáilcheadaithe:

 

• Foirm Iarratais TF100

• Foirm TF300B - le comhlánú ag an mhonaróir nó ag Ionad Tástála Formheasta Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI)

• Táille € 60 

 

Athrú Úinéireachta an Leantóra

• Foirm TF200 - le comhlánú ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir araon.

 

Ceadúnas Leantóra a Athnuachan

Doiciméid a chaithfidh a bheith leis an fhoirm:

 

Cárta Ceadúnais Leantóra

Teastas Pas ón tástálaí údaraithe.

Táille - € 13.00

 

Cáin mhótair a chur ar Chuadrothair

Má tá barra tarraingthe ceangailte leis - déantar é a rangú mar ghnáth-tharracóir iompair

Gan aon bharra tarraingthe - gearrtar cáin air mar fheithicil phríobháideach agus gearrtar cáin uirthi bunaithe ar cc an innill.

Táille Cuí

Ní mór foirm Athnuachana Cánach RF100A a chomhlánú agus a shíniú go hiomlán  agus a chinntiú go bhfuil na sonraí árachais líonta isteach. 

 

 

Ní féidir cáin a ghearradh ar ráta gluaisrothair ar fheithicil tír-raon/nó ar cuadrothair.  Ní mór duit Ceadúnas iomlán B (Gluaisteán) a bheith agat fosta chun cuadrothair a thiomáint ar bhóthar poiblí.

 

Lomairí ar a bhféadfá suí:

Deirtear i gciorclán MT 3/2005 más mian le duine cáin a chur ar lomaire ar a bhféadfá suí gur chóir go ngearrfaí cáin air bunaithe ar mhéid an innill ag an ráta príobháideach. Ní ghearrtar cáin orthu mar earraí nó de réir an ráta talmhaíochta.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO