Plean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024
Nóta maidir leis an Bheartas Fuinnimh Ghaoithe
(Níl anseo ach nóta míniúcháin agus níl sé mar chuid de Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024)
Le hOrdú arna dhéanamh an 5ú lá de Shamhain 2018 in imeachtaí ar a raibh Uimhir Thaifid 2018/533JR idir Planree Limited, an tIarratasóir, agus Comhairle Contae Dhún na nGall, an Freagraí, ordaíodh go ndéanfaí forálacha áirithe de Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 – ba iad sin Cuid 6.5(c) agus (f) de na caighdeáin Fuinnimh Ghaoithe atá i Roinn B: Aguisín 3, Treoirlínte Forbartha agus Caighdeáin Theicniúla agus Léarscáil 8.2.1 mar atá i bPlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024 mar atá foilsithe – a scriosadh agus/nó a bhaint ó Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2018-2024. Ba cheart an Plean Forbartha a léamh i bhfianaise an Ordaithe atá i gceist, ar feitheamh aon athraithe a d’fhéadfaí a dhéanamh air amach anseo.
Arna dhátú an 5ú lá seo de Shamhain 2018.
Comhairle Contae Dhún na nGall.
Is é atá in Myplan.ie seirbhís eolais phleanála náisiúnta ar an idirlíon d'Éirinn. Cuireann sé eolas ar fáil faoin Phlean Forbartha nó faoin Phlean Ceantair Áitiúil i do cheantarsa, chomh maith le heolas eile a bhaineann le cinnteoireacht phleanála. Is togra é de chuid na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil thar ceann na n-údarás áitiúil ar fad