Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > Gréasán Glasbhealaí an Iarthuaiscirt

Gréasán Glasbhealaí an Iarthuaiscirt

 

Gréasán Glasbhealaí an Iarthuaiscirt

 

Obair ar bhealach 3, Leifear go dtí an Srath Bán, a atosaíodh le linn samhradh 2020. Tá an bealach seo lena chur i gcrích le linn R1, 2021. Tá súil ag Comhairle Contae Dhún na nGall an tairscint s’aici a fhoilsiú faoi choinne stráice Mhagh de bhealach 2 sna míonna beaga atá amach romhainn. Tá an Chomhairle muiníneach go gcuirfear tús leis an obair - chomh luath is a cheapfar conraitheoir - go luath in 2021. Tá an stráice ó Ospís an Fheabhail go dtí bóthar na gCoiníní ar an Chúil Mhór, Contae Dhoire, le teacht os comhair an Choiste Pleanála i nDoire fosta sna míonna beaga atá romhainn. Táthar ag súil go mbeidh an bealach ar fad - bealach 2, Doire go Magh - críochnaithe faoi R4, 2021.

 

Táthar ag leanstan den obair ar bhealach 1, Doire go Bun Cranncha. Cuireadh an t-iarratas pleanála don stráice a cheanglaíonn Cathair Dhoire i dtreo Cheann an Droichid isteach i mí an Mheithimh 2020. Tá an réamhobair ar Thuairisc na Measúnachta Tionchair Timpeallachta atá de dhíth mar chuid den iarratas pleanála do stráice Dhún na nGall den bhealach chóir a bheith réidh chomh maith.

 

Tairseach pleanála faoi choinne stráice Dhoire de bhealach 1: http://epicpublic.planningni.gov.uk/publicaccess/applicationDetails.do?activeTab=neighbourComments&keyVal=QEJLI4SV30000
 

 

Scéal Mór! Cead pleanála faighte don tSrath Bán. Obair le tosú R1, 2020. Níos mó eolais Bealach 3, Lifear go dtí an Srath Bán.  

 

Gabh chuig Imeacht an phróisis Comhairliúcháin, bealach 1 le sonraí a fháil ar an bhealach atá ag teacht chun cinn do Bhun Cranncha go Doire agus ar theagmháil a rinneadh le déanaí leis an Bhord Pleanála

 

Nuashonrú ar Thionscadal Ghlasbhealach an Iarthuaiscirt_Earrach 2019

 

In 2015, rinne Comhairle Ceantair Chathair Doire agus an tSratha Báin (CCDSB), i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, Transport NI agus Sustrans NI, Fóram an Iompair Ghníomhaigh Inbhuanaithe/Active & Sustainable Travel Forum a bhunú go foirmeálta.

 

Plean Gnímh an Fhóraim i dtaca le Glasbhealaí an Iarthuaiscirt

 

Is é plean an Fhóraim is bunús le straitéis straitéiseach chomhordaithe le gréasán de ghlasbhealaí a fhorbairt fud fad an Iarthuaiscirt. Go dtí seo, táthar i ndiaidh thart ar 80km de bhealaí saor ó thrácht a sholáthar, lena n-áirítear 30km a gcuirtear síos dóibh gur glasbhealaí iad. Tá fís straitéiseach na comhpháirtíochta leagtha amach i gcomhthéacs Plean Gnímh Ghlasbhealaí an Iarthuaiscirt:

 

“Gréasán trasteorann de ghlasbhealaí a fhorbairt a nascfaidh daoine agus áiteanna ar bhonn áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta-ag soláthar folláine shóisialta, eacnamaíoch agus timpeallachta don uile dhuine.”

 

Eolas ar thionscadal Ghréasán Glasbhealaí an Iarthuaiscirt

 

I mí na Nollag, 2016, bronnadh maoiniú de €14.8 milliún ar Chomhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Roinn Bonneagair (TÉ) agus Sustrans (Carthanas atá bunaithe ar Rothaíocht agus Siúl, agus é lonnaithe sa RA), ó chlár INTERREG VA an AE atá á riar ag Comhlacht na gClár Speisialta AE, le 46.5km de ghlasbhealaí trasteorann a thógáil. Chuir an Roinn Bonneagair sa Tuaisceart agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt sa Deisceart cistiú meaitseála ar fáil.

 

Nascann na bealaí seo Doire le Bun Cranncha trí Cheann an Droichid; Magh le Doire tríd an Chúil Mhór agus Leifear leis an Srath Bán. Nuair a bheas siad críochnaithe, beidh gréasán glasbhealaí ann de thart ar 126.5km san Iarthuaisceart, a gcuirfear síos do 76.5km de gur glasbhealach ardchaighdeáin é.

 

Ár bhFís agus ár gcuid Cuspóirí

 

Gréasán trasteorann de ghlasbhealaí a fhorbairt a nascfaidh daoine agus áiteanna ar bhonn áitiúil,

réigiúnach agus náisiúnta – ag soláthar folláine shóisialta, eacnamaíoch agus timpeallachta don uile dhuine

 

  • 46.5Km de ghlasbhealaí agus bealaí rothaíochta siúil a thógáil
  • Ar a laghad 500 duine a spreagadh leis an rothar a ghlacadh nó le siúl ar scoil, ar obair nó chun an choláiste faoin bhliain 2022
  • Astuithe dé-ocsaíde carbóin atá ag dul isteach san atmaisféar a laghdú de níos mó ná 300 tonna carbóin faoi 2023
  • Níos mó daoine a spreagadh le rothaíocht agus siúl a dhéanamh mar chuid dá ngnáthamh laethúil
  • Infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar eacnamaíoch agus sóisialta níos leithne i réigiún an Iarthuaiscirt

 

Fuair an tionscadal seo tacaíocht ó Chlár INTERREG VA an AE, arna riar ag Comhlacht na gClár Speisialta AE.

 

Comhthéacs Polasaí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

 

Seo a leanas liosta, nach bhfuil uile-ghabhálach, de dhoiciméid pholasaí Eorpacha, Náisiúnta agus áitiúla ina bpléitear leis an rothaíocht agus le siúl i gcomhthéacs na forbartha polasaí, ag spreagadh daoine le bheith níos gníomhaí ar an iliomad fáthanna: le cuidiú le laghdú na n-astuithe dé-ocsaíde carbóin; le brú tráchta a laghdú; le sláinte ghinearálta an phobail a fheabhsú; agus le cur le deiseanna gnó agus fostaíochta sa gheilleagar ‘ghlas’.

Eoraip 2020 – Straitéis le haghaidh Fás Cliste Inbhuanaithe Uilechuimsitheach: ina gcuirtear chun cinn trí thosaíocht chomhlántacha le haghaidh fás cliste inbhuanaithe uilechuimsitheach. Tá straitéis iompair inbhuanaithe leagtha amach faoin tosaíocht “fás inbhuanaithe”, tríd an tionscnamh suaitheantais: “An Eoraip atá tíosach ar acmhainní”, lena dtacaítear le haistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní.

 

TEN-T - Polasaí um Cheangal na hEorpa (2014): aibhsíonn na féidearthachtaí i dtaca le bealaí rothaíochta agus siúil fadraoin.

 

Straitéis Forbartha Réigiúnaí TÉ 2035: Todhchaí Níos Fearr a Fhorbairt 2010- Polasaí Treorach Réigiúnach 9: ‘An lorg carbóin s’againn a laghdú agus maolú agus oiriúnú don athrú aeráide a éascú agus caighdeán an aeir s’againn a fheabhsú san am chéanna- ‘Cuimseoidh sé seo baint den ghá leis an ghluaisteán a úsáid,’ agus Polasaí Treorach Réigiúnach 11 trí chur le luach taitneamhachta na sócmhainní oidhreachta nádúrtha agus cultúrtha trí naisc le bonneagar glas a sholáthar.

 

Plean Fáis Straitéiseach Uilechuimsitheach 2017-2032 (Ár bPlean Pobail) - Comhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin:

Is dualgas reachtúil í an phleanáil pobail a cuireadh ar Chomhairlí mar chuid d’athchóiriú an rialtais áitiúil. Tacaíonn tionscnaimh iompair inbhuanaithe le torthaí iolracha lena n-áirítear ‘Folláine Shóisialta’, ‘Gníomhaíocht Fhisiceach a Spreagadh’, ‘Maireachtáil agus oibriú ar bhonn inbhuanaithe, ag cosaint na timpeallachta’

 

Tionscadal Éire 2040 Creat Náisiúnta Pleanála agus Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027: Cuimsíonn cuspóir Beartas Náisiúnta #46 feabhsú na “nascachta iompair idir Éire agus Tuaisceart Éireann chun bealaí trasteorann bóithre agus iarnróid, rothaíochta agus siúil, chomh maith le gormbhealaí, Glasbhealaí agus bealaí móna a chur san áireamh.”

 

Plean Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall 2018 – 2024:

 

  • T-P-11: Tá sé mar pholasaí de chuid na Comhairle forbairt iomcuí na réiteach inacmhainne ilmhódacha iompair a éascú lena gcuirtear ar fáil do phobail agus do na glúnta a thiocfas inár ndiaidh fíor-roghanna iompair amhail páirceáil agus taisteal; coisíocht agus rothaíocht; seirbhísí bus agus tacsaí; agus bonneagar coimhdeach
  • T-P-24: Tá sé mar pholasaí de chuid na Comhairle conairí bunaithe/stairiúla iarnróid ar fud an chontae a chosaint, go príomha ar mhaithe le soláthar straitéiseach bonneagair (amhail tionscadail bóithre/iarnróid) agus, ina dhiaidh sin, ar mhaithe le forbairt fóillíochta. Ní bhreithneofar ar aon úsáidí eile ar feadh na gconairí seo. Sa chás gur cuireadh as cheana do na conairí seo, déanfar tailte cóngaracha, áit a bhféadfaí deiseanna a thapú le seach-chonair a chruthú thart ar aon bhacainní dá leithéid agus na bealaí seo a athcheangal, a chosaint chun na críche seo. In achan chás, áfach, is é an cuspóir uileghabhálach a bheas ann ná soláthar an bhonneagair straitéisigh.

 

 

 

Arna nuashonrú go deireanach: An 8 Deireadh Fómhair 2020