Tá stair fhada ag Comhairle Contae Dhún na nGall de bheith ag obair i gcomhpháirtíochtaí ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach, trasteorann, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Agus muid ag aithint an luacha a bhaineann le comhoibriú, a bhaineann le sineirgí suntasacha a chruthú le páirtnéirí tábhachtacha, agus a bhaineann le roinnt na foghlamtha, dearcthaí agus smaointe, tá an comhoibriú ina ghné thábhachtach den dóigh a ndéanaimid gnó agus den dóigh a n-oibrímid lenár bpáirtithe leasmhara uilig.
Aithníonn an Chomhairle go bhfuil cuid mhór nascanna domhanda fadbhunaithe agus go bhfuil caidreamh láidir tógtha le cuid mhór de dhiaspóra Dhún na nGall trí réimse de thograí uathúla agus nuálacha. Tá an Chomhairle lántiomanta do leanúint de bheith ag forbairt agus ag tógáil nascanna úra domhanda.
Oibríonn an Chomhairle ar bhonn comhpháirtíochta trí roinnt meicníochtaí éagsúla, ina measc:
Ag an leibhéal áitiúil:
Fóram Eacnamaíochta Thairseach Dhún na nGall
An Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ)
Comhpháirtíocht Síochána agus Athmhuintearais Dhún na nGall
Ag leibhéal Trasteorann:
Bord Comhpháirtíochta an Iarthuaiscirt
Grúpa Trasteorann Réigiúnach an Iarthuaiscirt (GTRI)
An Gréasán do Lár-Cheantar Teorann na hÉireann (GLCTÉ)
Ag leibhéal Idirnáisiúnta:
Gréasáin Dhiaspóra Dhún na nGall
Gradaim Dhiaspóra Éireann Tip Uí Néill