Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Suirbhé maidir le Tithíocht Inacmhainne 2024

 

Suirbhé ar Thithíocht Inacmhainne - Lá Eolais le reáchtáil ar an 28 Márta 2024

 

Tá suirbhé ar líne á dhéanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le Scéim Tithíochta Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil.

 

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo cuidiú le daoine ar ioncam measartha tithe nua a cheannach ar phraghas laghdaithe ar dtús. Tá tithe nua faoin scéim seo lonnaithe sna ceantair ina bhfuil an riachtanas tithíochta is mó agus a bhfuil inacmhainneacht ina fadhb.

 

Níl Dún na nGall san áireamh go fóill i Scéim Náisiúnta Tithíochta Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil. Is é cuspóir an tsuirbhé seo ná sonraí a bhailiú ar an éileamh ar an scéim i gContae Dhún na nGall agus líon na n-uimhreacha a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoi théarmaí na scéime a mheas.

 

Ag brath ar thoradh an tsuirbhé, féadfaidh an Chomhairle cead a lorg ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta do Dhún na nGall le bheith san áireamh sa scéim. Má fhaightear faomhadh, bunófar próiseas foirmiúil iarratais ar leith agus fógrófar é.

 

Molann an Chomhairle d’aon duine a bhfuil suim acu sa scéim an suirbhé a chomhlánú. Tá lá eolais á reáchtáil ag an Chomhairle sna hionaid seo a leanas ar an Déardaoin, 28 Márta ó 10am go dtí 4:00pm:

  

Ionad na dTrí Abhainn, Leifear, F93 Y622

 

Ionad Fiontraíochta An BASE, Bóthar an Iarnróid, Srath an Urláir, F93 A0E4

 

Ionad Seirbhísí Poiblí, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall, F94 DK6C

 

Ionad Seirbhísí Poiblí, Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath, F94 H4CF

 

Ionad Seirbhísí Poiblí, Bóthar Mhálanna, Carn Domhnach, F93 YV1N

 

Ionad Seirbhísí Poiblí, Bóthar Neil T. Blaney, Leitir Ceanainn, F92 TNY3

 

Beidh an suirbhé oscailte go dtí Dé hAoine, 12 Aibreán 2024 agus is féidir páirt a ghlacadh ann go dtí an t-am sin.  Is féidir fosta teacht ar an suirbhé ag  - 

Suirbhé maidir le Tithíocht Inacmhainne 2024 | Donegal County Council's Online Consultation Portal

 

Tá tuilleadh sonraí ar Scéim Cheannaigh Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil ar fáil ag Scéimeanna tithíochta inacmhainne (citizensinformation.ie) agus Treoir Céim ar Chéim | Tithe Inacmhainne Éireann (Step-by-Step Guide | Affordable Homes Ireland)