Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Tithíocht Dheonach

Tithíocht Dheonach

 

 

Tugann an Chomhairle tacaíocht láidir don Scéim Tithíochta Dheonach Tá roinnt grúpaí deonacha ann, ar nós Cumann Naomh Uinseann de Pól, Clúid, Respond, North and West Housing, Oaklee Housing Trust agus Habinteg, a chuireann tithíocht ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu; seandaoine, daoine gan dídean agus cóiríocht ghinearálta teaghlaigh. Cuireann siad áiseanna ar fáil fosta ar nós seomraí cruinnithe, ionaid lae fá choinne, nó ar mhaithe le, áititheoirí.  In go leor cásanna, cuirtear áiseanna comhchoiteanna mar seo ar fáil i gcomhar le Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. 

 

Feidhmíonn an Chomhairle mar idirghabhálaí idir an comhlacht deonach agus an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil a thugann maoiniú do na Scéimeanna Tithíochta Deonacha.

 

 

 

Má tá tú ar liosta atithíochta na Comhairle cheana féin cuirfear d'ainm san áireamh nuair a bheas na comhlachtaí deonacha ag leithdháileadh scéime. Tá dualgas ar an chomhlacht deonach dul i gcomhairle leis an Chomhairle agus sa chuid is mó de na cásanna déantar na tithe a bhronnadh ar dhaoine atá ar liosta ceadaithe tithíochta na Comhairle cheana féin. I roinnt cásanna, d'fhéadfadh an comhlacht deonach fógraíocht a dhéanamh go háitiúil le haghaidh iarratais ar scéim ar leith. 

 

Ní féidir leis an tionónta tithe atá curtha ar fáil ag comhlacht deonach a cheannach ar an dóigh chéanna ar féidir le tionóntaí i dtithe Údaráis Áitiúil sin a dhéanamh. 

 

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Chomhairle.