Pillfidh Maoir Thráchta Chomhairle Comhairle Contae Dhún na nGall i mbun a gcuid oibre, i gcomhar le hoibrithe lasmuigh eile, ar an 18 Bealtaine mar chuid de Chéim 1 den mhaolú ar na srianta Covid-19.
Mar thús, ón 18 Bealtaine go dtí 7 Meitheamh, ní ghearrfar aon phionós i dtaca le cionta Íoc agus Taispeáin. Le linn na tréimhse seo beidh na Maoir Thráchta ag díriú ar Chionta i dtaca le Trácht Bóthair a chur i bhfeidhm i.e. Páirceáil mhídhleathach ar spásanna do dhaoine faoi mhíchumas, línte dúbailte buí, spásanna lódála agus cosáin.
Ón 8 Meitheamh tá sé i gceist go rachaidh na Maoir Thráchta i mbun a gcuid gnáthdhualgas, ina measc Cionta Íoc agus Taispeáin agus Cionta Trácht Bóthair a chur i bhfeidhm.
Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall, de bharr na mbeart a cuireadh i bhfeidhm chun leathnú COVID-19 a laghdú, nach raibh go leor daoine, a bhfuil ceadúnais pháirceála bhliantúla agus débhliantúla acu do charrchlóis, in ann na ceadúnais seo a úsáid. Mar chúiteamh air seo, cuirfear síneadh ama 8 seachtaine le gach ceadúnas páirceála bliantúil agus débhliantúil do charrchlóis.