Duais ‘Folláine an Phobail’ á bronnadh ag Cathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, An Clr Albert Doherty, ar Helen Nolan ó Spraoi agus Spórt mar chuid den chomórtas ‘Mórtas Ceantair’ 2020, sa phictiúr chomh maith tá an duine idirchaidrimh do na duaiseanna ‘Mórtas Ceanair’, Charles Sweeney.
D’éirigh le Spraoi agus Spórt duais chatagóir 7 de na duaiseanna ‘Mórtas Ceantair’ a bhaint, dar teideal ‘Community Wellbeing Initiative’.
Comórtas uile-oileáin is ea ‘Gradaim Mórtas Ceantair IPB’ a thugann aitheantas do na bisigh atá déanta ag pobail áitiúla le bród poiblí a chruthú ina gceantair. Tá an comórtas dírithe ar dhaoine ag teacht le chéile le sult a bhaint as achan rud atá maith faoina gceantar, agus é a mhúnlú, agus a athrú. Mar gheall ar an phaindéim shláinte dhomhanda, bhí an searmanas don 18ú ‘Gradaim Mórtas Ceantair IPB ’ ar siúl Dé Sathairn 21 Samhain go fíorúil ar líne, curtha i láthair ag Marty Morrissey. Ba mhaith leis an Stiúrthóireacht um Fhorbairt agus Phleanáil Phobail buíochas a ghabháil leis na Baill Thofa as an deonachán Thogra Chiste Forbartha s’acu don Togra ‘Gradaim Mórtas Ceantair’ i nDún na nGall.
D’fhógair Marty Morrissey go ndúirt an painéal moltóireachta go raibh buaiteoir na catagóire ‘thar barr, gur eagraíocht bhríomhar iad a bhfuil éachtaí cruthaithe acu. Bhí na moltóirí tógtha go háirithe le diongbháilteacht, dáimh, solúbthacht, díograis, eagrúchán, gairmiúlacht, agus ionchuimsitheacht na heagraíochta, mar aon lena cumas a gcuid seirbhísí a leathadh do phobail eile. Is príomhfhiontar sóisialta é seo atá go hiomlán ag iarraidh meas a thabhairt do riachtanais an phobail ar achan dóigh.’