Le linn Sheachtain Chuimsiú Sóisialta 2020, tríd an Chlár Aoisbháúil, d'eagraigh Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain comórtas Tóraíocht Taisce ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall do dhaoine aosta agus bhí an t-ádh ar 2 bhuaiteoirí a bhain Táibléad an duine.
Léadh amach leideanna gach lá ar Sheó Greg Hughes, Raidió Highland. Seo a leanas na leideanna agus na freagraí a bhí bunaithe ar imeartas focail nó fuaimniú sa Bhéarla;
Ba iad John Bonner ó Leitir Ceanainn agus Anna McCallion, Bun Cranncha an bheirt bhuaiteoirí ádhúla.
Sa ghrianghraf ó chlé go deas Mairead Cranley Clár Aoisbháúil Dhún na nGall, Denis Kelly Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, an Buaiteoir Anna McCallion agus Shauna McClenaghen Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain.
Bhuaigh an bheirt acu Táibléad agus d’ofráil Denis Kelly, Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, oiliúint dóibh maidir lena dTáibléad nua a úsáid.
Ag labhairt dúinn leis an dá bhuaiteoir, dúirt siad nár úsáid siad táibléad riamh roimhe seo ach go raibh siad ag súil lena fhoghlaim. Ba í gariníon John, Kelly Bonner, a sheol isteach a fhreagra gach lá thar ceann a seanathar. Luaigh John "Thaitin sé liom go gcaithfinn buille faoi thuairim a thabhairt ar na leideanna gach lá agus scairtfinn ar Kelly leis na freagraí agus sheolfadh sí ríomhphost ar mo shon". Luaigh Anna nár úsáid sí riamh Táibléad ach go bhfuil mac aici atá ina chónaí thar lear agus go raibh sí ag súil le foghlaim conas é a scaidhpeáil lena gléas nua.
Comhghairdeas le John agus Anna araon agus buíochas le Greg Hughes, Raidió Highland as na leideanna a sheachadadh gach lá, agus le Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain agus Denis Kelly IDP as na duaiseanna agus an oiliúint a chur ar fáil don dá bhuaiteoir.
Sa ghrianghraf ar chlé go deas Mairead Cranley, Clár Aoisbháúil Dhún na nGall, Kelly Bonner, Gariníon an Bhuaiteora agus John Bonner, an Buaiteoir.