Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Tionscadal Leitir Ceanainn 2040 seolta

Tionscadal Leitir Ceanainn 2040 seolta

Is cúis áthais do Chomhairle Contae Dhún na nGall seoladh Leitir Ceanainn 2040 a fhógairt – próiseas le straitéis athnuachana a fhorbairt do lár Leitir Ceanainn. 

 

Tá an tionscadal spreagúil seo á mhaoiniú ag an Chiste Athnuachana agus Forbartha Uirbí, tionscnamh suaitheantais de chuid an Tionscadail Éire 2040, agus é faoi stiúir Fhoireann Athnuachana agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall. Bunóidh an straitéis seo fís rí-spéisiúil uaillmhianach faoi choinne thodhchaí an bhaile mar bhaile lárnach iomaíoch an réigiúin, rud a mheallfaidh infheistíocht agus a shainaithneoidh sraith de thionscadail d’fhonn athrú sochaíoch, eacnamaíoch agus timpeallachta a réadú i lár an bhaile. 

 

Agus an tionscadal á sheoladh aige, arsa an Comhairleoir Donal Coyle, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Baile na nGallóglach “tá an tionscadal seo ag teacht ag am ríthábhachtach do Leitir Ceanainn agus muid ag plé le dúshláin nach bhfacthas a leithéidí riamh, mar atá, an ghéarchéim sláinte phoiblí, an Breatimeacht agus an ghéarchéim aeráide.  Is ionann seo agus deis ollmhór do lár an bhaile le go ndéanfar imscrúdú mionsonrach air i gcomhpháirt leis an phobal i gcoitinne. Mholfainn d’achan duine páirt a ghlacadh sa phróiseas le straitéis spreagúil shoiléir a fhorbairt maidir le todhchaí lár an bhaile.” 

 

I gcomhréir le Tionscadal Éire 2040, féachfaidh an straitéis le háit níos tarraingtí agus níos bríomhaire a dhéanamh de Leitir Ceanainn, a roghnóidh daoine cónaí, obair agus infheistíocht a dhéanamh ann agus cuairt a thabhairt air. Is dócha go gcuimseoidh sé seo feachtas le níos mó daoine a mhealladh le teacht a chónaí agus a obair i lár an bhaile agus, san am chéanna, foirmeacha inbhuanaithe d’iompar amhail siúl, rothaíocht agus iompar poiblí a chur chun cinn.  Cuimseoidh sé fosta, bearta le spásanna poiblí níos fearr a chruthú.

 

Táthar i ndiaidh foireann chomhairleoireachta a cheapadh a bhfuil go leor gradaim buaite acu le cuidiú le Comhairle Contae Dhún na nGall an tionscadal seo a chur chun cinn.  Is iad na comhairleoirí deartha agus athnuachana uirbí, The Paul Hogarth Company a threoróidh an tionscadal, agus iad ag obair i bpáirt le Hall Black Douglas Architects, Ws Atkins Transport Consultants, an ghníomhaireacht mhargaíochta AV Brown agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

 

Arsa Ceann Foirne agus Stiúrthóir an Paul Hogarth Company, James Hennessey, go mbeadh “ról ríthábhachtach ag rannpháirtíocht daoine áitiúla i dtaca le rathúlacht Leitir Ceanainn 2040.   Ar feadh shaolré an tionscadail seo, beimid ar ár ndícheall dul i gcion ar a oiread daoine agus is féidir lena chinntiú go gcuirimid tuiscint ar an bhaile seo agus le cuidiú linn dearcadh air trí na súile s’acusan agus freastal, a oiread agus is féidir, ar na mianta agus na huaillmhianta atá acu do Leitir Ceanainn.”

 

Tá trí chéim de rannpáirtíocht phobail beartaithe i gcaitheamh an phróisis bliana leis an straitéis a fhorbairt. Cuirfear tús leis an chéad chéim ar an 8ú Feabhra go ceann tréimhse de 4 seachtaine.  Deis a bheas anseo do gach duine lena n-áirítear cónaitheoirí, úinéirí gnólachtaí, scoileanna, grúpaí pobail agus cuairteoirí lena mbarúlacha a léiriú ón tús.  Ba mhaith linn a chluinstin go háirithe faoi lár baile Leitir Ceanainn mar atá anois, a bhuanna agus a laigí agus na tosaíochtaí agus muid ag bogadh chun cinn.

 

Arsa Liam Ward, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála, “Bhí muid ag obair go dlúth lenár gcuid Comhairleoirí áitiúla agus le páirtithe leasmhara i gcoitinne i Leitir Ceanainn le tabhairt faoin tionscadal seo agus tá lúcháir orainn an chéad chéim seo den chomhairliúchán a sheoladh. Is céim ríthábhachtach é seo le treochlár de thionscadail inmharthana a chomhfhorbairt a dtig iad a chur chun cinn a thuilleadh i dtreo cláir a mhaoiniú a chuirfidh le agus a réadóidh na huaillmhianta fáis atá againn do Leitir Ceanainn mar Bhaile Lárnach Réigiún an Iarthuaiscirt.”

 

De dheasca shrianta Covid 19, is ar líne a thabharfar faoin rannpháirtíocht trí shuíomh gréasáin tionscadail agus trí na meáin shóisialta.   Cuirfear fearadh na fáilte roimh an phobal, mar sin, cuairt a thabhairt ar www.Letterkenny2040.ie mar a bhfaighidh siad níos mó eolais ar an tionscadal agus mar a dtig suirbhé ar líne a chomhlánú.    Foilseofar sonraí ar ghníomhaíochtaí rannpháirtíochta breise i gcaitheamh an tionscadail, lena chinntiú go mbeidh deis ag achan duine barúil a léiriú agus a sciar féin a dhéanamh lena chinntiú gurb é Leitir Ceanainn 2040 an plean is fearr is féidir do lár baile Leitir Ceanainn agus do réigiún an Iarthuaiscirt i gcoitinne.

 

CRÍOCH

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO