Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Suíomh úr Dún na nGall Digiteach seolta

15-09-21 Suíomh úr Dún na nGall Digiteach seolta

 

 

Tá íomhá féiniúlachta úr agus suíomh gréasáin úr Dhún na nGall Digiteach seolta inniu (Dé Céadaoin 15 Meán Fómhair) ag Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin. Is é is cuspóir leis an suíomh gréasáin úr an contae a chur ar taispeáint mar áit den scoth ar féidir le fiontraithe teicneolaíochta, comhlachtaí, eagraíochtaí agus infheisteoirí teacht chuige agus iad féin a bhunú ann.

 


Tá an tionscadal seo faoi cheannas na comhpháirtíochta poiblí-príobháidí Dún na nGall Digiteach, ina bhfuil 14 eagraíocht, comhlacht agus institiúid, a bhfuil de chomhchuspóir acu taighde agus nuálaíocht dhigiteach a mhéadú agus pobail dhigiteacha láidre a thógáil sa chontae, chomh maith le ceantar dlúth digiteach Leitir Ceanainn a dhoimhniú.

 


Ag caint ag an seoladh dúirt John McLaughlain: “Tá Dún na nGall Digiteach ar cheann de na tionscnaimh pholasaí is tábhachtaí ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus tá lúcháir orainn a bheith ag obair le cuibhreannas an tionscadail lena chuspóirí a chur i gcrích. Tagann Dún na nGall Digiteach go maith le go leor straitéisí forbartha eile de chuid na Comhairle amhail an chian-obair, infheistíocht isteach agus cruthú postanna dúchasacha. Tá cúrsaí teicneolaíochta iontach láidir i nDún na nGall, agus is fianaise é an méadú atá tagtha ar na comhlachtaí domhanda atá lonnaithe i nDún na nGall agus ar na gnólachtaí úra, is fianaise é sin den tallann, den nuálaíocht agus den chruthaitheacht is dual don chontae”.

 


Tá liosta ar an suíomh gréasáin úr de na moil dhigiteacha agus phobail atá ar fáil do ghnólachtaí agus do dhaoine aonaracha, agus tá áis fiosraithe ann trína dtig le daoine aonaracha, ar suim leo a bheith ag obair ó na moil seo, iarratas a dhéanamh ar áit. Tá cuid den nuálaíocht dhigiteach is déanaí le fáil sna moil seo, agus is féidir leo cuidiú le hoibrithe cianda teicneolaíochta, le bainisteoirí comhlachtaí teicneolaíochta agus le gairmithe infheistíochta cinneadh a dhéanamh cén mol digiteach ar chóir dóibh oibriú uathu.

 


Tá Plean Gníomhaíochta Dhún na nGall Digiteach um Chlaochlú Digiteach le fáil ar an suíomh gréasáin chomh maith. Díríonn an plean seo ar thrí réimse: ar dtús, ar ‘Dhúshraitheanna Digiteacha’ láidre a thógáil, ar a n-áirítear leathbhanda ardchaighdeánach a fhorbairt agus scileanna digiteacha a fheabhsú laistigh den réigiún; ar an dara dul síos, ‘Nuálaíocht Dhigiteach a Thiomáint’, fríd na moil agus trí thacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí úra teicneolaíochta; agus sa deireadh, ‘Cathair agus Réigiún Cliste’ a fhorbairt trí bhonneagar cliste a thógáil le haghaidh na n-earnálacha turasóireachta agus cultúrtha sa chontae.

 


Dúirt Brian Boyle, Ceannasaí na gCóras Faisnéise le Comhairle Contae Dhún na nGall: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a d’oibrigh ar sheoladh na tairsí gréasáin Dún na nGall Digiteach inniu. Tá borradh suntasach faoi Dhún na nGall Digiteach anois agus tá mé ag tnúth le bheith ag obair lenár bpáirtnéirí ar fad agus muid ag féachaint leis na deiseanna, a eascraíonn as ceangal ardluais agus as teicneolaíochtaí digiteacha nua-aimseartha, a thapú do Dhún na nGall .”

 

 

 

Tá na deiseanna seo ar taispeáint ar na cainéil úra chumarsáide ar an suíomh gréasán nuashonraithe, ar a bhfuil físeáin teistiméireachta, beochaintí, agus an nuacht áitiúil is déanaí. Cuideoidh na scéalta seo leis an Nuálaíocht Dhigiteach agus pobail dhigiteacha láidre a chur in iúl agus a thiomáint, chomh maith leis na buntáistí a bhaineann le ceantar dlúth digiteach Leitir Ceanainn a chur ar taispeáint.

 


Deir an Bainisteoir Tionscadail ag Dún na nGall Digiteach, an Dr Margaret Quinn: “Is é is bun leis an tionscnamh Dún na nGall Digiteach ná an leas is mó is féidir a bhaint as an saol digiteach don chontae s’againne, rud atá níos tábhachtaí anois de bharr na ndúshlán ó Covid. Is láidreacht mhór í an chomhpháirtíocht agus an comhoibriú mór i nDún na nGall Digiteach idir an Chomhairle, príomh-áisíneachtaí, institiúidí agus gnólachtaí, rud a chuireann dlús leis an tionscnamh. Tá tionchar praiticiúil le feiceáil go háitiúil amhail an borradh faoin leathanbhanda agus, rud a bheas ina bhuntáiste ollmhór, an fás atá ag teacht ar an líonra de Mhoil Dhigiteacha Nuálaíochta. Tá tuilleadh le teacht. Is í an teachtaireacht a ba mhaith linn a chur amach ná go bhfuil Dún na nGall go hiomlán ullamh don ré digiteach agus go bhfuil cothromaíocht fhoirfe ar fáil idir saol/obair dóibh siúd atá ag feidhmiú sa réimse digiteach/teicneolaíochta ina gcuid oibre agus ina gcuid gnólachtaí.”
Thig leat féin spléachadh a thabhairt ar an suíomh gréasáin úr agus feabhsaithe ar:

donegaldigital.ie

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO