Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Scéal is déanaí maidir le Stoirm Barra

08-12-21 – Scéal is déanaí maidir le Stoirm Barra

 

I ndiaidh thionchar Stoirm Barra, ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur in iúl go ndruidfear go sealadach na bóithre seo a leanas de bharr crainn a bheith tite etc

 

Ceantar Bardais Dhún na nGall

 

R267 díreach i ndiaidh Ghairmscoil na Mainistreach.


L-1835-5 ag Garbhachadh, in aice le Loch Iascaigh


L-1835 - ag an Mhainistir, Loch Iascaigh


L-1965-1 - Bóthar an chladaigh ag Loch Iascaigh ar an bhealach go Pointe Uí Airmhí


L-6615-1 – Clár Cam

 

Ceantar Bardais Shrath an Urláir

 

R236 ag Baile Suingean – Tá malairtí slí i bhfeidhm.

 

Bainfear crainn tite chomh luath agus is féidir nuair a bheidh sé sábháilte sin a dhéanamh.

 

Ceantar Bardais Leitir Ceanainn / Bhaile na nGallóglach

 

Fanóchaidh Droichead Anraí Uí Bhléanaigh druidte go dtí go mbeidh deireadh leis an rabhadh Leibhéal Flannbhuí, agus leanfaidh sé de bheith druidte d’fheithiclí HGV é sa chás go mbeidh rabhadh buí i bhfeidhm.


Le linn na stoirme, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar úsáideoirí bóithre líon a dturas a laghdú agus a bheith ar an eolas faoi choinníollacha bóthair má tá siad ag taisteal, go háirithe maidir le tuilte agus smionagar ar an bhóthar. Más gá duit taisteal, ba chóir a bheith an-chúramach agus na coinníollacha a chur san áireamh. Bí airdeallach faoi chrainn tite, craobhacha, sreanga leictreachais, agus smionagar ar na bóithre agus ar na siúlóidí, agus faoi thuilte i gceantair áirithe.

 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall le linn gnáthuaireanta oibre ar 074 91 53900 agus i gcás éigeandála lasmuigh d’uaireanta oibre is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Bóthair na Comhairle ar 074 91 72288. Maidir le héigeandálaí ina bhfuil gá le cuidiú ón tSeirbhís Dóiteáin, cuir scairt ar 999 nó 112.

 

Thig tú coinneáil suas chun dáta ar choinníollacha trí chlárú le haghaidh fógraí rabhaidh saor in aisce ar do ghuthán trí chlárú ag www.mapalerter.com/donegal nó trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter @DonegalCouncil.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO