Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Leabhar Dathúcháin ar Cholm Cille

08 Nollaig 2021 - Leabhar Dathúcháin ar Oidhreacht Cholm Cille

Adding Colour to Colmcille’s Heritage image

 

Tá Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, le tacaíocht ón Chomhairle Oidhreachta, i ndiaidh leabhar dathúcháin 36 leathanach saor in aisce a chur le chéile dar teideal ‘Léargas ar Cholm Cille le Dathanna/ Illuminating Colmcille’ mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Seoladh an leabhar dathúcháin saor in aisce ar lá comórtha 1,500 bliain ó rugadh Naomh Colm Cille Dé Máirt, 7 Nollaig ag Ionad Oidhreachta Cholm Cille i nGartán agus tá sé ar fáil ó leabharlanna, Músaem an Chontae, Ionad Oideachais Dhún na nGall, Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus ar líne ag www.donegalcoco.ie/culture/heritage

 

 

“Tarraingíonn an leabhar dathúcháin aird ar chuid de na suíomhanna oidhreachta, áiteanna, rudaí agus cartlanna a bhaineann le gnéithe de shaol agus oidhreacht Naomh Colm Cille” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Rinne Neil Jackman agus Róisín Burke ó Abarta Heritage an taighde air agus scríobh siad an téacs, agus tá léirithe go hálainn ag Sara Nylund le saothair ó ealaíontóirí atá lonnaithe i nDún na nGall, mar atá, Tara McLaughlin, Mark Mac Grory agus Barry Britton. Is bealach úrnua é an leabhar dathúcháin chun daoine de gach aois a mhealladh i dtreo scéal Cholm Cille agus téann téacs leis na léaráidí uilig a thugann míniú ar thábhacht na ngnéithe oidhreachta, idir sheandálaíocht, thógtha nó chultúrtha, agus a gceangail le Naomh Colm Cille. "

 

 

I measc na suíomhanna agus na n-áiteanna oidhreachta atá le feiceáil sa leabhar dathúcháin tá Gartán, Leac na Cumha, Teampall Dhúghlaise, Cill Mhic Réanáin, Tobar an Dúin, Gleann Cholm Cille, Díseart, Oileán Thoraí, Eaglais Ráithe, agus Ardeaglais Naomh Adhamhnán i Ráth Bhoth. Is séadchomharthaí seandálaíochta iad go leor de na suíomhanna oidhreachta a bhaineann le Colm Cille a chosnaítear faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta (1930-2004). I measc na n-earraí agus na gcartlann atá le feiceáil tá Beatha Cholum Cille, an Cathach, Leabhar Cheanannais agus Leabhar Dharú.

 



Bhí baint ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall le roinnt tionscnaimh oidhreachta Cholmcilleach le bliain anuas lena n-áirítear treoirleabhar fuaime dátheangach a dhéanamh ar ‘Dún na nGall Cholm Cille / St. Colmcille’s Donegal’, turas fíorúil 3D ar Tguras Cholm Cille i nGleann Cholm Cille agus oibreacha caomhnaithe ar Mhainistir Chill Mhic Réanáin agus ar Shéipéal Naomh Cholm Cille i nGartán. Tá cóipeanna den leabhar dathúcháin ar fáil saor in aisce ó leabharlanna, Músaem an Chontae, Ionad Oideachais Dhún na nGall, Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus ar líne ag www.donegalcoco.ie/culture/heritage

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO