Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Ceiliúradh ar Bhreithlá Cholm Cille

09-12-21 - 1500ú Breithlá Cholm Cille marcáilte agus Lucht Féachana Domhanda ag ceiliúradh an naoimh as Gartán ó dhúchas

1500th Birthday of Colmcille Marked with a Global Audience Celebrating the Gartan Native image

 

Thiúnáil 200 duine as 10 dtír isteach chuig an ócáid stairiúil a reáchtáil Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin.

 

Bhí lucht féachana domhanda ag amharc ar imeachtaí sa Halla Mór ar Champas Mhig Aoidh in Ollscoil Uladh i nDoire an tseachtain seo chun breithlá 1500 Cholm Cille a cheiliúradh.

 

Is comóradh fad bliana é Colmcille 1500 a cheiliúrann comóradh 1500 bliain ó rugadh Colm Cille. Rugadh Naomh Colm Cille, ar a dtugtar Naomh Columba fosta - an fhoirm Laidineach dá ainm - i gContae Dhún na nGall in 520 nó 521 A.D. Fuair sé bás in Oileán Í na hAblan in 597.

 

San ócáid fhíorúil seo bhí meascán d’fhíseáin, damhsa, faisnéis, filíocht agus díospóireacht, agus dhá phainéal saineolaithe ag glacadh páirte ann. Ar phainéal na hÉireann bhí an tOllamh Malachy Ó Néill, Ollamh le Gaeilge agus Stiúrthóir Rannpháirtíochta Réigiúnaí in Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh, an Dr Brian Lacey, Seandálaí agus Staraí agus Christy Gillespie, údar, staraí agus iar-phríomhoide Scoil Cholm Cille, an Tearmann i gcroílár cheantar áitiúil Cholm Cille.

 


Agus ag glacadh páirte beo ón Albain bhí an Dr. Alasdair Whyte, Ollscoil Ghlaschú, Brian Ó hEadhra, Bainisteoir Comhpháirtíochtaí agus Maoinithe, Bord Na Gàidhlig agus Joy Dunlop, Amhránaí Gaelach, Láithreoir Teilifíse agus Raidió.

 

Thug an ócáid áirithe seo léargas ar thuras saoil Cholm Cille ó Ghartán go hAlbain agus ar ais go ceantar Chósta an Chlocháin sular fhill sé ar Oileán Í.

 

Dúirt Deirdre Harte, Bainisteoir Tionscadail Colmcille 1500, gur chuir an ócáid seo le hoidhreacht iontach.

 

“Táimid chomh bródúil gur éirigh linn an ócáid seo a chur san áireamh i sraith fad bliana d’ócáidí ceiliúrtha. Tá an oiread sin staire agus leagáide anois idir an tIarthuaisceart agus Albain fite fuaite ina chéile tríd na ceangail atá againn le Colm Cille. Ócáid oidhreachta a bheas ann seo le tógáil ar an oidhreacht shuntasach atá fágtha againn ag an naomhphátrún a rugadh i nDún na nGall.

 

“Is mian liom buíochas a ghabháil leis na saineolaithe atá ar na painéil agus lenár n-óstaí Áine Ní Bhreisleáin ó Raidió na Gaeltachta a rinne sár-obair chun lucht féachana ar líne a choinneáil gafa le breis agus dhá uair an chloig."

 

Tháinig físeáin ó Dhún na nGall, Doire, Ceanannas, Darú, Sligeach agus Cósta an Chlocháin agus na Glinntí chomh maith le Argyll, Oileán Í agus na hOileáin Thiar in Albain. Mar chríoch leis an ócáid 2 uair an chloig bhí físeán ó thionscadal leagáide nua a tháinig chun cinn i nDún na nGall darb ainm Slí Cholm Cille (nó Camino Cholm Cille). Cuirtear síos air mar thionscadal uaillmhianach, agus bunófar oilithreacht a nascfaidh le chéile suíomhanna tábhachtacha a bhaineann le Naomh Colm Cille ó Dhún na nGall, Doire, na Speiríní Thuaidh agus an Bhanna go hEarra-Ghàidheal agus, ar deireadh, Oileán Í.

 

Is féidir leat féachaint ar athchraoladh den ócáid ar Leathanach Facebook Colmcille 1500 don Iarthuaisceart https://www.facebook.com/Colmcille1500NW/

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO