Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Babhtaí Ceannais Náisiúnta 'Ardán Cainte'

Leahrose agus Brian ina n-ionadaithe thar ceann Dhún na nGall i mBabhtaí Ceannais Náisiúnta ‘Ardán Cainte’

Is iad Leahrose Davis, 16 bliana d’aois as Bun na hAbhann, agus Brian Marshall, 62 bliain d’aois as an Bhaile Nua, an bheirt bhuaiteoirí i mbliana sa chomórtas Ardán Cainte ag Eoraip Dhíreach Leitir Ceanainn.

 

Bhain Leahrose agus Brian an chéad áit sna comórtais faoi 16 agus os cionn 17, agus rachaidh siad ar aghaidh anois chuig na babhtaí ceannais náisiúnta thar ceann an chontae.

 

Leahrose and Brian representing Donegal in National Soapbox Finals image

 

Is é téama na bliana seo ná: Bréaga, Bréaga Amach is Amach agus Staitisticí. Ní féidir an fhírinne a aimsiú i saol an lae inniu atá ag cur thar maoil le mí-eolas, bréageolas agus bolscaireacht.

 


Chuaigh 18 iomaitheoir chun spairne lena chéile agus dúirt duine de na moltóirí go raibh an caighdeán i mbliana ‘thar an ghnáth’.

 


Ar an phainéal moltóireachta bhí Ciara Cunnan, Bainisteoir ar Eoraip Dhíreach Leitir Ceanainn, Fiona Truelove, Leabharlannaí Sinsearach Cúnta, An Lárleabharlann, Leitir Ceanainn agus Michael Margey, Uachtarán ar Chomhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn agus Ceannasaí ar Dhámh an Ghnó ag ITLC (Ollscoil Teicneolaíochta Atlantach anois).

 

D’aontaigh Leah leis an rún, agus chuir Brian ina choinne, agus dar le Michael Margey: “is fianaise é seo gur cuma cén taobh lena seasann tú, ach gurb é do chur i láthair, bunábhar d’argóinte, agus soiléire na teachtaireachta agus na n-argóintí is tábhachtaí.’

 

Ghabh Ciara Cunnane gach dea-ghuí leis na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais agus ghabh sí buíochas le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas.

 

“Bhí lúcháir orainn leis an leibhéal suime a cuireadh ann i mbliana agus bhí an caighdeán thar an ghnáth. Guímid gach rath ar Leahrose agus ar Bhrian sna babhtaí ceannais náisiúnta, agus tá éacht déanta acu dár gcontae cheana féin.”

 


Bhain siad beirt iPad mar dhuais agus glacfaidh siad páirt anois sna babhtaí ceannais náisiúnta, mar a mbeidh seans acu duais €1000 a bhaint.



Ba é Donal Kavanagh ó Highland Radio a rinne fear an tí ar an ócáid agus is féidir leat amharc ar an bhabhta ceannais den Ardán Cainte ar Facebook:

https://www.facebook.com/edicdonegal/ 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO