Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > UÉ BSL Féile BSeanaidh

Uisce Éireann agus BSL ag tacú le Carnabhal Bhéal Átha Seanaidh

 

Irish Water and ESB - Ballyshannon Carnival 2018

Féile Bhéal Átha Seanaidh UÉ agus BSL - baill foirne Uisce Éireann

Siobhan Shiel agus Patrick Gallagher le John Drummond

Agus John Gallagher, BSL ag déanamh bronnadh ar Choláiste Cholm Cille

Ag Stáisiún Giniúna Hidrileictreach Cathleen Falls

Le linn Fhéile Bhéal Átha Seanaidh

 

 

Tháinig Uisce Éireann agus an BSL le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar théamaí na bliana seo ag Carnabhal Bhéal Átha Seanaidh - Fuinneamh Glan agus Caomhnú Uisce.

 

Reáchtáladh ceardlanna fá choinne daltaí bunscoileanna agus meánscoileanna idir 24 Meán Fómhair agus 11 Deireadh Fómhair ag ionad hidrileictreach Cathleen Falls i mBéal Átha Seanaidh.

 

Thug Uisce Éireann cur i láthair idirghníomhach ar scéal an uisce do na daltaí, agus a raibh sraith turgnamh ann leis na próisis a dtéann amhuisce tríothú, chun é a dhéanamh sábháilte le hól, a thaispeáint.

 

Thug Joe Drummond, An Comhordaitheoir Cuairte, na daltaí thart ar an stáisiún. Thug siad cuairt ar an damba agus ar an seomra stiúrtha agus chonaic siad na gineadóirí ag oibriú. Tugadh cuntas gairid dóibh ar stair an stáisiúin, ar scéal a thógála, chomh maith le mionsonraí faoin dóigh a ngineann an BSL leictreachas ón uisce. Bhí tuirbíní an stáisiúin ag dordán leo ar lánchumhacht le linn na cuairte, ag cur amach 65 milliún vata d’fhuinneamh glas ón Éirne go dtí an eangach náisiúnta - go leor cumhachta fá choinne 38,000 teach.

 

Mar chuid de rún daingean an BSL na hábhair ETIM (STEM) a chothú, bronnadh fearas athnuaite fuinnimh ar gach ceann de na scoileanna le go dtiocfadh leis na scoileanna turgnaimh a dhéanamh i dtaca le fuinneamh hidreach, gréine agus gaoithe ar ais sa seomra ranga.  

 

 

Cathleen Falls at night - IW & ESB Ballyshannon Carnival 2018

Cathleen Falls ar lasadh san oíche le haghaidh Charnabhal Bhéal Átha

Seanaidh

 

 

Tá tús curtha cheana féin ag baill foirne Uisce Éireann, i gcomhar le Rannóg Scoileanna Glasa an Taisce, le sraith cuairteanna ar bhunscoileanna agus ar mheánscoileanna ar fud réigiún an Iarthuaiscirt mar chuid d’urraíocht Uisce Éireann ar Ghradam Uisce na Scoileanna Glasa. Is é is cuspóir leis na cuairteanna labhairt le daltaí faoi thimthriall an uisce, caomhnú uisce, an méid a úsáidimid, agus fabhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le truailliú uisce.

 

Trí chláracha agus ceardlanna oideachasúla sa bhliain acadúil seo chuaigh thart, shábháil scoileanna in Éireann 582 lítear uisce in aghaidh an duine. Is leor an méid sin le 660 milliún cupán tae a dhéanamh.  I measc na modhanna caomhnaithe uisce tá gléasanna díláithrithe uisce i leithris, doirtil mhóra a athrú agus an brú uisce a laghdú.

 

 

ESB Ballyshannon Carnival 2018

Féile BSL Bhéal Átha Seanaidh - Tom Moran, Bainisteoir Caidrimh Phobail agus Iascach

Le John Gallaghar, Bainisteoir Ionaid,

Stáisiúin Dhún na nGall, ag bronnadh fearas athnuaite fuinnimh

Ar Scoil Chaitríona, Béal Átha Seanaidh

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO