Beidh Clinicí Comhairle AOIFE (Association of Festival and Events) ag pilleadh an mhí seo chun bualadh le lucht eagraithe Féilte agus Imeachtaí sa chontae, eolas a chomhroinnt leo, comhairle a chur orthu agus dul i ngleic le cuid de na dúshláin a bhíonn rompu.
Bunaíodh an eagraíocht chomhairliúcháin AOIFE in 1993, agus tá sí ar an cheathrú ceann is mó dá cineál san Eoraip (le breis agus 250 ball), agus cuidíonn siad le féilte neamhbhrabúsacha feabhsú agus fás.
Beidh na Clinicí ag plé le ceisteanna ar nós:
Iarratais ar Dheontais agus ar Mhaoiniú
Féilte úra a bhunú
Deiseanna Airgid agus Urraíochta
Tacaíochtaí Ceannaireachta agus Cnuasaigh
Ceisteanna Sláinte agus Sábháilteachta agus Árachais
Meantóireacht do na Meáin Shóisialta,
Deiseanna Gréasánaithe san Eoraip,
Ceangail Réigiúnacha, Teagmhálaithe, agus Réiteach Fadhbanna.
Is gá do rannpháirtithe clár le hoifig rúnaíochta AOIFE ar dtús chun seisiún comhairliúcháin 30 bomaite a chur in áirithe le linn don fhoireann a bheith i láthair. Tá an tSeirbhís Clinicí saor in aisce do bhaill d’AOIFE, agus caithfidh coistí nach baill iad táille €50 a íoc. Is féidir an €50 a bhaint de chostas iomlán ballraíochta le hAOIFE.
Tabharfar tús áite d’Fhéilte atá cláraithe le AOIFE ach táthar ag súil go mbeidh deis ag Féilte úra agus Imeachtaí úra a bheith in ann bualadh leis an Fhoireann Shinsearach.
Beidh seisiúin i mbreis agus 40 áit i naoi gcinn déag de chontaethe roimh an Cháisc. Tabharfar cuair ar na contaetha eile roimh lár mhí Mheithimh.
Le clárú le haghaidh do Sheisiún Comhairliúcháin 30 bomaite, agus do sheisiún meantóireachta 30 bomaite i dtaca leis na meáin shóisialta déan teagmháil leis an Oifigeach Ballraíochta Celia ar 090 964 5831, trí ríomhphost ag [email protected] nó féach ar www.aoifeonline.com/popupclinic fá choinne tuilleadh eolais.
Beidh na Clinicí ar siúl i nDún na nGall ag na hamanna seo a leanas, agus sna háiteanna seo a leanas:
Dé Céadaoin 31 Eanáir
Baile Dhún na nGall –
Dorrian's Imperial Béal Átha Seanaidh, Co.Dhún na nGall
4:00pm – 7:00pm
Déardaoin, 1 Feabhra
Baile Dhún na nGall –
Óstán an Abbey,
10:00am – 12:30pm
Teach Tábhairne Nancy, Ard an Rátha, Co Dhún na nGall
1:30pm – 3:00pm
Óstán an Chaisleáin, Gaoth Dobhair,
4:15pm – 7:00pm
Dé hAoine 2 Feabhra
Óstán an Radisson Blu, Leitir Ceanainn
10:30am – 1:30pm
Óstán an Inishowen Gateway, Bun Cranncha
2:30pm – 4:00pm
McGrorys, Cúil Dabhcha
4:15pm – 7:00pm