Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Márta 2023

30-03-2023 – Glantachán Mór Dhún na nGall buailte linn arís do 2023

Beach Cleanup

Ócáid Seolta Ghlantachán Mór Dhún na nGall 2023

 

Ó chlé: Suzanne Bogan (Comhairle Contae Dhún na nGall), John Morrow (Comhairle Contae Dhún na nGall), Eamonn Bonner, Ionad Saorálaithe Dhún na nGall, Seamus Hopkins (Comhairle Contae Dhún na nGall, Peter Connaughton, An Clr Tom Conaghan, An Leas-Chathaoirleach Micheál Naughton, John Darch, Bailte Slachtmhara na gCealla Beaga, An Clr Niamh Kennedy, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Bhaile Dhún na nGall, an Clr Noel Jordan, Patricia Murrin, Barry O’Hara Bailte Slachtmhra na gCealla Beaga, Martin Burke (Comhairle Contae Dhún na nGall), Brian Doyle (Comhairle Contae Dhún na nGall), Anthony Moylette (Comhairle Contae Dhún na nGall), Pierce McCrory (Comhairle Contae Dhún na nGall).

 

Bhí ócáid seolta Ghlantachán Mór Dhún na nGall 2023 ar siúl ar Thrá Bhrait Ghoirm Fhionntrá an tseachtain seo caite, áit a raibh an Clr Micheál Naughton, Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhluadar an Clr Niamh Kennedy, Cathaoirleach Cheantar Bardais Bhaile Dhún na nGall, An Clr Noel Jordan, an Clr Tom Conaghan agus Patricia Murrin agus Barry O’Hara, John Darch, Bailte Slachtmhara na gCealla Beaga, oibrí deonach áitiúil Peter Connaughton, chomh maith le Séamus Hopkins, Comhairle Contae Dhún na nGall, baill foirne na Rannóige Timpeallachta ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Eamonn Bonner ó Ionad Saorálaithe Dhún na nGall, leis an fheachtas bhliantúil a sheoladh.  

 

Tá Glantachán Mór Dhún na nGall mar chuid de thiomantas Chomhairle Contae Dhún na nGall don inbhuanaitheacht agus do chosaint na timpeallachta. Is deis atá ann do phobail teacht le chéile agus a bheith réamhghníomhach leis an timpeallacht ina bhfuil muid uilig beo ann a fheabhsú. D’éirigh go hiontach le Glantachán Mór Dhún na nGall le roinnt blianta anuas agus tá sé ag tarlú arís i mbliana anois in 2023 agus dóchas againn go mbeidh sé níos mó agus níos fearr ná mar a bhí riamh roimhe.

 

Ag caint dó ag an ócáid seolta, dúirt an Clr Micheál Naughton, Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall: ‘Tá lúcháir orm a bheith ag seoladh Ghlantachán Mór Dhún na nGall i mbliana.  Tá freagracht orainn uilig an timpeallacht a chosaint agus a chaomhnú agus tugann an feachtas bliantúil seo deis do phobail ar fud an chontae sin a dhéanamh. Is tógáil croí é oibrithe deonacha ar nós John agus Stephanie Darch a fheiceáil mórtasach agus bródúil as a gceantar féin. Tá John agus Stephanie ag déanamh glantachán laethúil ar thrá Fhionntrá le breis agus cúig bliana anuas, agus tá breis agus míle mála bruscair bailithe acu san am sin. Léirigh siad tiomantas dochreidte spreagúil i dtaca le cúram a thabhairt don timpeallacht áitiúil. Molaim do gach duine a bheith páirteach ann agus Dún na nGall a dhéanamh níos glaine agus níos inbhuanaithe mar áit le cónaí ann.’ 

 

Agus breis agus 50 grúpa cláraithe ó Dhún na nGall cheana féin do Ghlantachán Náisiúnta Earraigh an Taisce, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tnúth le bheith ag obair le hoibrithe deonacha agus le grúpaí pobail le go n-éireofaí go geal le feachtas na bliana seo.  

 

Dúirt Mícheál Mac Gairbheith, Stiúrthóir Seirbhíse le Comhairle Contae Dhún na nGall: ‘Tá sé go hiontach go bhfuil Glantachán Mór Dhún na nGall pillte orainn arís don bhliain 2023, agus ba mhaith linn go mbeidh feachtas na bliana seo chomh rathúil céanna leis na cinn a bhí ann roimhe. Agus roinnt glantachán déanta cheana féin tchíonn muid tiomantas leanúnach phobal Dhún na nGall arís chun a gcontae féin a choinneáil glan. I ndiaidh dúinn tacú le breis agus 800 glantachán ar feadh 2022, tá súil ag an Chomhairle méadú a chur leis na figiúirí sin in 2023, agus gabhann an Chomhairle buíochas leis an 5,000 oibrí deonach a chinntíonn go dtarlaíonn seo gach bliain.’  

 

Tá Ionad Saorálaithe Dhún na nGall ag glacadh páirt san fheachtas arís agus fógróidh siad sonraí maidir le glantacháin atá beartaithe ar an tsuíomh idirlín www.volunteerdonegal.ie. Tá sé seo ina chuidiú mór do phobail atá ag iarraidh a gcuid feachtais féin a chur chun cinn nó oibrithe deonacha breise a mhealladh. Dúirt John Curran ó Ionad Saorálaithe Dhún na nGall: ‘Is sampla den scoith iad Glantacháin Phobail den dóigh a mbíonn oibrithe deonacha ag tabhairt suas a gcuid ama féin ar son leas na ndaoine. Cuidíonn siad le pobail chun bheith feiceálach agus chun barr feabhais a bhaint amach. Tá lúcháir orainn san Ionad Saorálaithe tacú le grúpaí ar fud Dhún na nGall agus oibrithe deonacha úra a chur in aithne don fhoireann.’

 

Bí Páirteach

San fheachtas seo, bíonn an Chomhairle ag tacú le daoine aonair, grúpaí, gnólachtaí agus eagraíochta lena gcuid glantachán féin a eagrú. Cuireann an Chomhairle málaí, lámhainní agus piocairí bruscair ar fáil, agus bailíonn sí an bruscar chomh maith nuair a bhíonn sé uilig curtha isteach i málaí.  

 

Tá sé de rún ag an Chomhairle fosta na glantacháin a chur chun cinn ar a cuid meáin shóisialta fosta. Thig leat do ghrianghraif a chomhroinnt ó na suíomhanna seo a leanas:

 

  1. Twitter @DonegalCouncil
  2. Facebook @donegalcoco 

 

Chun clárú le haghaidh Ghlantachán Mór Dhún na nGall na bliana seo cuir scairt ar 074 91 53900, buail isteach chuig d’oifig áitiúil de chuid na Comhairle, nó gabh chuig www.donegalcoco.ie.  Is féidir leat clárú fosta le Feachtas Glantachán Náisiúnta Earraigh an Taisce trí scairt a chur ar (01) 4002219 nó ar líne ar www.nationalspringclean.org. Seo a leanas cuid de na grúpaí agus scoileanna a bhfuil glantacháin beartaithe acu sna seachtainí amach romhainn;

 

  • Scoil Náisiúnta Bhreacaí – 30/03/2023
  • Glantachán Pobail Cheathrú Meánach – 01/04/2023
  • Bailte Slachtmhara Chúil Dabhcha – 01/04/2023
  • Bailte Slachtmhara Chluain Maine – 07/04/2023
  • Grúpa Pobail na Craobhaí – 10/04/2023
  • Tionscnamh Bhailte Slachtmhara Bhun Cranncha – 15/04/2023
  • Glantachán Pobail Ráth Dhomhnaill TRathdonnell Trentagh Community Clean Up – 15/04/2023
  • Coláiste an Earagail– 18/04/2023
  • Coiste Pobail Dhún Cionnaola– 22/04/2023
  • Scoil Cholmcille, An Cheathrú Chaol – 25/04/2023
  • Glantachán Earraigh Cúltrá, Machaire Maoláin – 30/04/2023

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO