Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Márta 2023

30-03-2023 – Éiríonn le trí thionscadal tógtha oidhreachta faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil 2023

Ballyshannon Clock Tower

An Túr Cloig, An tSráid Mhór, Béal Átha Seanaidh a fuair maoiniú €50,000, faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil 2023, le cóiriú struchtúrtha a dhéanamh ar na ballaí agus na hurláir laistigh.

 

D’fhógair Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, go mbainfidh 95 tionscadal oidhreachta ar fud na tíre buntáiste as méid iomlán de €4.5m faoi Chiste Struchtúr Stairiúil (CSS) na bliana seo.

 

Le cois a bheith ag tacú le húinéirí agus coimeádaithe ar struchtúir stairiúla, agus ar struchtúir faoi chosaint, a gcuid sealúchas a shlánú agus a chothabháil, fáilteofar fosta roimh an bhorradh a chuirfidh an maoiniú seo faoin tionscal tógála agus faoi cheirdeanna oidhreachta go háitiúil trí éascaíocht a dhéanamh ar oibreacha a mbeidh luach breis agus €8m orthu agus trí fhostaíocht bhreise (thart ar 11,250 lá oibre) a spreagadh, ar a n-áirítear róil speisialtóireachta oidhreachta amhail an tuíodóireacht agus obair chloiche.    

 

Tá an CSS ar cheann amháin de dhá scéim mhaoinithe le haghaidh oidhreacht thógtha a oibríonn i gcomhpháirtíocht le húinéirí agus leis an 31 údarás áitiúil chun an oidhreacht thógtha a chosaint – príomh-aidhm de chuid Oidhreacht Éireann 2030, an plean úr náisiúnta oidhreachta a sheol an tAire anuraidh. Tagann fógra na seachtaine seo sna sála ar mhaoiniú €4.5m a bronnadh ní ba luaithe an mhí seo faoin scéim mhaoinithe eile d’oidhreacht thógtha atá ag an Roinn – An Scéim Infheistíochta um Oidhreacht Thógtha.   

 

Trí dheontais idir €15,000 agus €200,000 a sholáthar cuidíonn an CSS le húinéirí struchtúir oidhreachta – ar a n-áirítear iad siúd atá liostaithe ar Thaifead na Struchtúr Cosanta ag údaráis áitiúla agus iad siúd atá i Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta – a gcuid dualgas chun cúram a thabhairt dá sealúchais a chomhlíonadh. Cuireann an scéim cúnamh ar fáil do réimse leathan strúchtúir oidhreachta, amhail caisleáin, eaglaisí, muilte, droichid, tosaigh shiopa, agus struchtúir cheann tuí, chomh maith le tithe príobháideacha.   

 

I measc an 95 tionscadal a fuair maoiniú ón CSS, d’éirigh leis na tionscadail seo a leanas i nDún na nGall:

  

  • An Túr Cloig, An tSráid Mhór, Béal Átha Seanaidh: maoiniú €50,000 chun cóiriú struchtúrtha a dhéanamh ar bhallaí agus ar urláir laistigh.
  • Teach an Chabháin Chorr, Baile an Droichid: maoiniú €26,000 le hearraí uisce báistí a chóiriú agus le doirse seachtracha agus fuinneoga a chaomhnú agus a dheisiú.
  • Eaglais Pharóiste Chluain Lao: maoiniú €32,000 le frámaí fuinneoige iarann teilgthe, agus fíochán cloch ghearrtha thart orthu, a chaomhnú agus a chóiriú.  

 

Ag fógairt na ndeontas dó, dúirt an tAire Noonan:

‘Tá lúcháir orm infheistíocht eile €4.5m a fhógairt don oidhreacht thógtha s’againn. Cuideoidh Ciste Struchtúr Stairiúil na bliana seo le 95 úinéir agus coimeádaí ar fud na tíre, a bhfuil struchtúir stairiúla agus chosanta faoina gcúram, agus iad i mbun na gcéadta togra caomhnaithe lenár n-oidhreacht thógtha a chóiriú agus a shlánú. Tá lúcháir orm, go speisialta, a fhógairt go bhfuil méadú ar na deontais atá a gcur ar fáil do struchtúir dhúchasacha. Tríd an infheistíocht seo, tá an Rialtas seo ag leanúint orainn ag ceiliúradh thábhacht agus éagsúlacht ár n-oidhreachta tógtha, chomh maith le tacú le scileanna tógála traidisiúnta. Cuidíonn na gníomhartha seo linn ár ngealltanais i leith na hoidhreachta tógtha a chur i bhfeidhm faoi Oidhreacht Éireann 2030, an plean náisiúnta oidhreachta a sheol mé anuraidh.’ 

 

Ag caint faoin fhógairt, dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta:

 

‘Tá sé go hiontach an líon níos mó, agus an réimse níos mó, tionscadal a bheas ag fáil tacaíochta ón infheistíocht €4.5m seo faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil. I gcomhar leis an Scéim Infheistíochta um Oidhreacht Thógtha, tá an Rialtas seo ag leanúint lenár ngealltanas ár n-oidhreacht thógtha shaibhir a shlánú, ag coinneáil a lán foirgneamh in úsáid agus ag cuidiú le cuid eile a chur ar ais in úsáid arís. Beidh buntáiste eacnamaíochta leis an hoibreacha maoinithe chomh maith trí fhostaíocht a chruthú do chonraitheoirí oidhreachta agus do cheardaithe eile ar fud na tíre.’  

 

D'fháiltigh an tAire Stáit le haghaidh Rialtas Áitiúil agus Pleanála, Kieran O’Donnell TD, roimh an fhógairt agus dúirt sé:  

 

‘A bhuí leis an chomhoibriú dlúth idir an Roinn agus na hÚdaráis Áitiúla, go háirithe leis na hOifigigh Chaomhnaithe Ailtireachta, na hOifigigh Oidhreachta agus baill foirne pleanála agus riaracháin, éiríonn go maith le scéimeanna amhail Ciste na Struchtúr Stairiúil ár n-oidhreacht thógtha chomhroinnte a chóiriú agus a athnuachan’.  

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO