Chuir an Mórthaispeántas Éagsúlachta in Amharclann an Ghrianáin clabhsúr buacach le Seachtain Ionchuimsiú Sóisialta an Aon Dún na nGall Amháin tráthnóna Dé Sathairn 1 Aibreán. Is imeacht bliantúil é Seachtain Ionchuimsiú Sóisialta an Aon Dún na nGall Amháin, a bhí ina sheachtain lán gníomhartha, oideachais agus léargais ina raibh deis ag grúpaí pobail agus deonacha, ag seirbhísí agus ag oideachasóirí ar fud an chontae an obair a dhéanann siad a chur ar taispeáint.
Bhí slua breá daoine i láthair le fáilte a chur roimh an Mhórthaispeántas Éagsúlachta, ina raibh fiche gníomh éagsúil ann, i halla Amharclann an Ghrianáin. Bhí an tallann, an éagsúlacht agus an ilchineálacht chultúrtha thar barr ar fad. Bhí dánta, amhráin, drámaíocht agus damhsaí ó achan chearn den domhan sa Mhórthaispeántas Éagsúlachta.
Agus é ag caint ag an Mhórthaispeántas Éagsúlachta dúirt an Stiúrthóir Seirbhíse Mícheál Mac Gairbheith: ‘Gabhaim buíochas libhse, na siamsóirí uilig, as bhur gcuid tallainne a chomhroinnt linn agus as seó iontach siamsúil a sholáthar anseo. Buíochas leis na heagraíochtaí ar fad a reáchtáil imeachtaí le linn na seachtaine do Sheachtain Ionchuimsiú Sóisialta an Aon Dún na nGall Amháin 2023. Gabhaim buíochas fosta le gach ball den phobal a ghlac páirt sa réimse leathan imeachtaí le linn na seachtaine, mar go neartaítear an tsochaí nuair a bhíonn an pobal páirteach ann, agus mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh sna himeachtaí éagsúla atá á reáchtáil thart ar an chontae.’