Is é an ról atá ag Oifig Cumarsáide Chomhairle Contae Dhún na nGall ná a bheith i dteagmháil leis na meáin chumarsáide lena chinntiú go bhfuil cumarsáid éifeachtach á déanamh leis an phobal.
Cad é a dhéanann muid?
Soláthraíonn muid seirbhís fiosrúcháin ó Chomhairle Contae Dhún na nGall do na meáin chumarsáide.
Cuireann muid eolas oifigiúil ar fáil do na meáin thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Dréachtann muid, agus eisíonn muid, preas-ráitis agus cuireann muid scéalta chun tosaigh a bhaineann le Comhairle Contae Dhún na nGall.
Tarraingímid aird ar na seirbhísí, tacaíochtaí agus gníomhaíochtaí atá ar fáil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Éascaíonn muid an caidreamh agus an teagmháil idir an eagraíocht seo agus na meáin.
Déanann muid maoirseacht ar sheirbhísí idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar a n-áirítear a cuid suíomhanna gréasáin agus leathanaigh meáin shóisialta.
Ag déanamh fiosrúchán preasa
Le fiosrúchán preasa nó fiosrúchán meáin a dhéanamh, déan teagmháil lenár nOifig Cumarsáidí ag [email protected] nó cuir scairt ar 074 91 72206.