Donegal County Council is carrying out an online survey in respect of the Local Authority Affordable Housing Scheme.
This scheme aims to help people on moderate incomes to buy new homes at an initially reduced price. New homes under this scheme are located in areas with the greatest housing need and where affordability is a problem.
Donegal is not yet included in the national Local Authority Affordable Housing Scheme.The purpose of this survey is to gather data on the demand for the scheme in County Donegal and to determine the potential numbers eligible under the terms of the scheme.
Depending on the outcome of the survey, the Council may seek approval from the Department of Housing, Local Government & Heritage for Donegal to be included in the scheme. If approval is obtained, a separate formal application process will be established and advertised.
The Council encourages anybody who is interested in the scheme to complete the survey. The Council is holding an information day at the following venues on Thursday, 28 March from 10am to 4:00pm:
Three Rivers Centre, Lifford, F93 Y622
The BASE Enterprise Centre, Railway Road, Stranorlar, F93 A0E4
Public Services Centre, Drumlonagher, Donegal Town, F94 DK6C
Public Services Centre, Gweedore Road, Dungloe, F94 H4CF
Public Services Centre, Malin Road, Carndonagh, F93 YV1N
Public Services Centre Neil T. Blaney Road, Letterkenny, F92 TNY3
The survey will be remain open for completion until Friday, 12 April 2024 and can be accessed through the Council’s website at www.donegalcoco.ie and at Affordable Housing Survey 2024 | Donegal County Council's Online Consultation Portal.
Further details on the Local Authority Affordable Purchase Scheme are available at Local Authority Affordable Purchase Scheme (citizensinformation.ie) and Step-by-Step Guide | Affordable Homes Ireland.
Tá suirbhé ar líne á dhéanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le Scéim Tithíochta Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil.
Tá sé mar aidhm ag an scéim seo cuidiú le daoine ar ioncam measartha tithe nua a cheannach ar phraghas laghdaithe ar dtús. Tá tithe nua faoin scéim seo lonnaithe sna ceantair ina bhfuil an riachtanas tithíochta is mó agus a bhfuil inacmhainneacht ina fadhb.
Níl Dún na nGall san áireamh go fóill i Scéim Náisiúnta Tithíochta Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil. Is é cuspóir an tsuirbhé seo ná sonraí a bhailiú ar an éileamh ar an scéim i gContae Dhún na nGall agus líon na n-uimhreacha a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoi théarmaí na scéime a mheas.
Ag brath ar thoradh an tsuirbhé, féadfaidh an Chomhairle cead a lorg ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta do Dhún na nGall le bheith san áireamh sa scéim. Má fhaightear faomhadh, bunófar próiseas foirmiúil iarratais ar leith agus fógrófar é.
Molann an Chomhairle d’aon duine a bhfuil suim acu sa scéim an suirbhé a chomhlánú. Tá lá eolais á reáchtáil ag an Chomhairle sna hionaid seo a leanas ar an Déardaoin, 28 Márta ó 10am go dtí 4:00pm:
Beidh an suirbhé oscailte go dtí Dé hAoine, 12 Aibreán 2024 agus is féidir páirt a ghlacadh ann go dtí an t-am sin. Is féidir fosta teacht ar an suirbhé trí shuíomh gréasáin na Comhairle ag Donegal County Council (donegalcoco.ie) agus ag Suirbhé maidir le Tithíocht Inacmhainne 2024 | Donegal County Council's Online Consultation Portal
Tá tuilleadh sonraí ar Scéim Cheannaigh Inacmhainne na nÚdarás Áitiúil ar fáil ag Scéimeanna tithíochta inacmhainne (citizensinformation.ie) agus Treoir Céim ar Chéim | Tithe Inacmhainne Éireann (Step-by-Step Guide | Affordable Homes Ireland)