Donegal County Council Logo

Menu

Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2023 > May

30/05/2023 - Ecology equipment available in Central Library for citizens looking to join the fight against biodiversity loss

Ecology equipment available in Central Library for citizens looking to join the fight against biodiversity loss

 

Donegal County Council Library Service is working with The Heritage Council on an initiative that will empower the public to collect information about biodiversity in their local area. Through the programme people can now access specialised equipment in Central Library, Letterkenny and collect valuable data by using the kit which includes nets, magnifying glasses and swatches to help identity species.

 

The initiative is designed to assist an increasingly engaged public, many of whom are eager to contribute to the preservation of our biodiversity but who lack the tools to do so.

   

It is expected that the kits will be used by students looking to conduct their own studies, amateur ecologists wishing to produce their own biodiversity action plans and by community groups such as Tidy Towns, River Trusts and Field Clubs who want to gather information to bolster local biodiversity projects.

  

In all cases, records gathered should be sent to Ireland’s National Biodiversity Data Centre (NBDC), www.biodiversityireland.ie whose role it is to collect and manage data and information about Ireland’s biodiversity. When records are submitted to the NBDC, it helps researchers to monitor changes in biodiversity and identify areas of conservation concern. Records submitted inform conservation strategies and provide evidence for policy decisions.

 

The kits are free to loan but anyone wishing to borrow a kit must be an adult member of the library service.

 

For further information please contact Central Library on 074 9124950 or by emailing [email protected]. The kits can be sent to any library in the county for collection by the borrower.

 

 

 

 

 

Trealamh éiceolaíochta atá ar fáil sa Lárleabharlann do shaoránaigh atá ag iarraidh páirt a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne chailliúint na bithéagsúlachta

 

Tá Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ag obair leis an Chomhairle Oidhreachta ar thionscnamh a chuirfidh ar chumas an phobail eolas a bhailiú faoin bhithéagsúlacht ina gceantar áitiúil. Tríd an chlár, is féidir le daoine rochtain a fháil anois ar shaintrealamh sa Lárleabharlann, Leitir Ceanainn agus sonraí luachmhara a bhailiú tríd an trealamh a úsáid lena n-áirítear eangacha, spéaclaí formhéadúcháin agus paistí samplacha chun cabhrú le speicis a aithint.

 

Tá an tionscnamh ceaptha cabhrú le pobal atá ag éirí níos rannpháirtí, a bhfuil fonn ar go leor acu cur le caomhnú ár mbithéagsúlachta ach nach bhfuil na huirlisí acu chun é sin a dhéanamh.

 

Táthar ag súil go n-úsáidfidh daltaí atá ag iarraidh a gcuid staidéir féin a dhéanamh na fearais, éiceolaithe amaitéaracha ar mian leo a bpleananna gníomhaíochta bithéagsúlachta féin a tháirgeadh agus trí ghrúpaí pobail ar nós Bailte Slachtmhara, Iontaobhais Abhainn agus Clubanna Allamuigh ar mian leo faisnéis a bhailiú chun tionscadail bhithéagsúlachta áitiúla a threisiú.

 

I ngach cás, ba cheart taifid a bhailítear a sheoladh chuig an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta (NBDC), arb é an ról atá aige sonraí agus faisnéis faoi bhithéagsúlacht na hÉireann a bhailiú agus a bhainistiú. Nuair a chuirtear taifid faoi bhráid NBDC, cabhraíonn sé le taighdeoirí monatóireacht a dhéanamh ar athruithe sa bhithéagsúlacht agus réimsí imní maidir le caomhnú a aithint. Tá na taifid a chuirtear isteach mar bhonn eolais do straitéisí caomhantais agus soláthraíonn siad fianaise maidir le cinntí beartais.

 

Tá na fearais saor in aisce ach ní mór d’aon duine ar mian leo pacáiste a fháil ar iasacht a bheith ina bhall fásta de sheirbhís na leabharlainne. Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil leis an Lárleabharlann ar 074 9124950 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]. Is féidir na fearais a sheoladh chuig aon leabharlann sa chontae lena mbailiú ag an iasachtaí.