Donegal County Council Logo

Menu

Home > Your Council > Communications Office > Press Releases 2024 > February

21/02/24 Ireland Reads celebration of reading back for 2024

Ireland Reads

 

Donegal County Library want you to Get Lost … in a Good Book

 

- Ireland Reads celebration of reading back for 2024

 

 Libraries throughout Donegal are taking part in Ireland Reads a campaign to get the whole country reading this month in the lead up to a national day of reading on Saturday, February 24th.


Irish libraries have teamed up with publishers, booksellers, authors, and others for the campaign, which is part of the government’s Healthy Ireland programme and aims to celebrate reading and all the benefits it can have for wellbeing and enjoyment.


The campaign is asking everyone to ‘Get Lost in a Good Book’ during February and especially on Ireland Reads Day, Saturday, February 24th.

 

Join an Ireland Reads event


Events for all ages to celebrate reading, books and literature are planned throughout Donegal.

 

 

Donegal Literature and Landscape Symposium

Buncrana Community Library will host a very special event called Donegal Literature and Landscape on Ireland Reads Day, Saturday 24th February at 3.00pm. Inspired by the Booker Prize win of Donegal author Paul Lynch, a host of the county’s most talented poets, novelists, artists, musicians, and historians will come together to discuss the way the unique and rugged landscape of Donegal has influenced their own work.

The Donegal Literature and Landscape symposium is free and open to everyone, but booking is essential. To book a place please contact Buncrana Library on 074 9361941.

 

An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair

The author Cathal Póirtéir will be interviewed by Dónall Ó Cnáimhsí in Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair at 6:30 pm on Wednesday 21st February about his fascinating new book An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair.

 

War Peace and the Derry Journal. In Conversation With Pat McArt

You are invited to Carndonagh Community Library on Saturday 24th February at 10:30 a.m. for a conversation with Pat McArt and his fascinating recollections from 25 years as editor of The Derry Journal.

 

Family Literacy Talk with Adele McElhinney.

 

Visit Bundoran Community Library at 10:30 am on Friday 23rd February for a talk on the importance of reading at home and family literacy with Adele McElhinney, Regional Literacy Coordinator Donegal ETB.

 

 

Reading Ambassadors

 

Keep an eye on Donegal County Library social media for posters featuring well-known Donegal writers.

 

Read DL

Donegal’s own countywide celebration of books and reading – Read DL – will be launched on 22nd February. Keep an eye on Read DL on social media for a host of events around the county.

 

Family Literacy Events

 

Visit Twin Towns Community Library where Children can pick up an Ireland Reads worksheet to design their own Book Cover that they can create at home from Monday 19th February.

 

Visit Bundoran Community Library to Get Lost in a book and take part in a fun family arts and crafts session on Saturday 24th February

 

Visit Central Library Letterkenny where children can collect their ‘Create your own Story’ worksheets to create their own little story on Saturday 24th February.

 

 

IrelandReads.ie


The Ireland Reads website also offers book recommendations suited to a person’s interests and the time they have available. There are more than 1,500 recommendations from librarians all around the country for all interests and reading levels.

You can also recommend a book to a friend through the website.

 

Donegal County Library hope we can get the whole county reading this month, especially those who might not be avid readers right now. If you don’t read or you haven’t read in a while, this is the perfect time to give it a try.


A number of well-known campaign ambassadors are on board to help promote the campaign, including Booker Prize winner, Paul Lynch, Marian Keyes, Colm Tóibín, Rick O’Shea, Liz Nugent and more. You can find out what reading means to them and why they support the campaign at www.irelandreads.ie.

 

For more information including booking information and event times visit www.donegallibrary.ie or follow @DonegalCountyLibrary on Facebook and @DonegalLibrary on Twitter and Instagram.

 

 

Tá leabharlanna ar fud Dhún na nGall ag glacadh páirte i bhfeachtas Éire ag Léamh leis an tír ar fad a chur ag léamh an mhí seo roimh lá náisiúnta léitheoireachta ar an tSatharn, 24 Feabhra.

Tá leabharlanna na hÉireann i gcomhar le foilsitheoirí, díoltóirí leabhar, údair agus daoine eile ag obair i gcomhpháirtíocht san fheachtas, atá mar chuid de chlár Éire Shláintiúil an rialtais agus a bhfuil sé mar aidhm aige an léitheoireacht a cheiliúradh agus na tairbhí go léir a d’fhéadfadh a bheith ann don fholláine agus don taitneamh a chur chun cinn.

Tá an feachtas ag iarraidh ar gach duine ‘Dul amú i Leabhar Maith’ le linn mhí Feabhra agus go háirithe ar Lá Éire ag Léamh, Dé Sathairn, 24 Feabhra.

 

Glac páirt in imeacht Éire ag Léamh

 

Tá imeachtaí beartaithe do gach aoisghrúpa chun léitheoireacht, leabhair agus litríocht a cheiliúradh ar fud Dhún na nGall.

 

Siompóisiam Litríochta agus Tírdhreacha Dhún na nGall

 

Beidh imeacht an-speisialta ar siúl ag Leabharlann Phobail Bhun Cranncha dar teideal Lá Litríocht agus Tírdhreacha Dhún na nGall ar Lá Éire ag Léamh, Dé Sathairn 24 Feabhra ag 3.00in. Arna spreagadh ag an údar Paul Lynch as Dún na nGall a bhuaigh Duais Booker, tiocfaidh slua de na filí, úrscéalaithe, ealaíontóirí, ceoltóirí agus staraithe is cumasaí sa chontae le chéile chun plé a dhéanamh ar an doigh a ndeachaigh tírdhreach uathúil agus garbh Dhún na nGall i bhfeidhm ar a gcuid saothar féin.

 

Tá siompóisiam Litríochta agus Tírdhreacha Dhún na nGall saor in aisce agus oscailte do gach duine, ach tá áirithint riachtanach. Chun áit a chur in áirithe déan teagmháil le Leabharlann Bhun Cranncha ar 074 9361941.

 

An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair

 

Beidh an t-údar Cathal Póirtéir faoi agallamh ag Dónall Ó Cnáimhsí i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair ag 6:30pm Dé Céadaoin 21 Feabhra faoina leabhar úr spéisiúil An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair.

 

War Peace agus an Derry Journal. I gComhrá Le Pat McArt

 

Tugtar cuireadh duit go Leabharlann Phobail Carn Domhnach Dé Sathairn 24 Feabhra ag 10:30 r.n. le haghaidh comhrá le Pat McArt agus a chuid cuimhní cinn iontacha ó 25 bliain mar eagarthóir ar an Derry Journal.

 

  

Caint Litearthachta Teaghlaigh le Adele McElhinney.

 

Tabhair cuairt ar Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin ag 10:30r.n Dé hAoine 23 Feabhra le haghaidh cainte ar thábhacht na litearthachta sa bhaile agus sa teaghlach le Adele McElhinney, Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta ETB Dhún na nGall.

 

Ambasadóirí Léitheoireachta

 

Coinnigh súil ar na meáin shóisialta i Leabharlann Chontae Dhún na nGall le haghaidh póstaeir a bhfuil scríbhneoirí aitheanta as Dún na nGall iontu.

 

Read DL

 

Seolfar ceiliúradh Contae Dhún na nGall ar leabhair agus ar léitheoireacht – Read DL – ar 22 Feabhra. Coinnigh súil ar Read DL ar na meáin shóisialta le haghaidh go leor imeachtaí ar fud an chontae.

 

Imeachtaí Litearthachta Teaghlaigh

 

Tabhair cuairt ar Leabharlann Pobail na mBailte Nasctha áit ar féidir le páistí bileog oibre Éire ag Léamh a phiocadh lena gclúdach leabhair féin a dhearadh agus gur féidir leo a chruthú sa bhaile ó Dé Luain 19 Feabhra.

 

Tabhair cuairt ar Leabharlann Pobail Bhun Dobhráin le dul amú i leabhar agus glac páirt i seisiún ealaíon agus ceardaíochta spraíúil don teaghlach ar an tSatharn 24 Feabhra

Tabhair cuairt ar Lárleabharlann Leitir Ceanainn áit ar féidir le páistí a gcuid bileoga oibre ‘Cruthaigh do Scéal Féin’ a bhailiú lena scéal beag féin a chruthú Dé Sathairn 24 Feabhra.

 

IrelandReads.ie

 

Tugann suíomh gréasáin Ireland Reads moltaí leabhair a oireann do leasanna duine agus don am atá ar fáil dó. Tá níos mó ná 1,500 moladh ó leabharlannaithe ar fud na tíre maidir le gach spéis agus leibhéal léitheoireachta.

Is féidir leat leabhar a mholadh do chara tríd an suíomh gréasáin fosta.

 

Tá súil ag Leabharlann Chontae Dhún na nGall go mbeidh an contae ar fad ag léamh an mhí seo, go háirithe iad siúd nach bhfuil, b’fhéidir, ina léitheoirí díograiseacha faoi láthair. Mura bhfuil tú ag léamh nó mura bhfuil léitheoireacht déanta agat le tamall anuas, is é seo an t-am is fearr chun triail a bhaint as.

 

Tá roinnt ambasadóirí feachtais aitheanta ar bord chun cuidiú leis an bhfeachtas a chur chun cinn, ina measc buaiteoir Duais Booker, Paul Lynch, Marian Keyes, Colm Tóibín, Rick O’Shea, Liz Nugent agus go leor eile. Is féidir leat a fháil amach cad a chiallaíonn léamh dóibh agus cén fáth a dtacaíonn siad leis an bhfeachtas ag www.irelandreads.ie .

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear eolas faoi áirithintí agus amanna imeachtaí tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram