An Clár Feabhsú Pobail 2021
Thig le coistí pobail i gceantracha faoi mhíbhuntáiste cur isteach ar mhaoiniú faoin Chlár Feabhsaithe Pobal:
Tá an Clár le haghaidh Feabhsú Pobail 2021 seolta ag an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail, ina bhfuil buiséad iomlán náisiúnta de €4.5 milliún.
Tá ciste de €159,461.00 curtha ar fáil don Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall.
Seo roinnt samplaí de thograí, nó de chodanna de thograí, a bheadh i dteideal cur isteach ar an mhaoiniú caipitil seo:
Is é Coiste um Fhorbairt Poail Áitiúil Dhún na nGall a dhéanfaidh an Clár a riar thar cheann na Roinne.
Rialacha
Is le haghaidh tograí caipitil amháin, nó codanna de thograí caipitil, atá an Clár Feabhsaithe Pobail. I gcás go mbíonn oibreacha reatha agus oibreacha caipitil ar siúl le chéile, ní féidir maoiniú a fháil ón Scéim seo ach amháin don chuid sin den obair a bhaineann le hobair chaipitil.
Caithfidh coistí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chuig an Údarás Áitiúil ina bhfuil siad suite, agus is féidir le hiarratasóirí i nDún na nGall an fhoirm iarratais atá ar fáil ag an nasc thíos a úsáid.
Níl gá le comh-mhaoiniú ó fhoinsí eile le go gceadófaí deontas.
Féach Treoracha don Chlár Feabhsú Pobail 2020 fá choinne tuilleadh eolais.
Caithfidh na coistí atá ag déanamh iarratais na rudaí seo a leanas a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas ar mhaoiniú:
Rátaí
Beidh dhá léibhéal deontais ar fáil faoin Chlár seo:-
An dóigh le hiarratas a dhéanamh
Caithfidh do ghrúpa Foirm Iarratais don Chlár Feabhsú Pobail 2020 a chomhlánú agus a chur isteach chuig an Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall (LCDC) roimh an dáta druidte ar 3pm 14 Lúnasa 2020.
Doiciméid
Foirm Iarratais don Chlár Feabhsú Pobail 2020
Treoracha maidir le Clár Feabhsú Pobail 2020
Imleabhar 1: Plean Áitiúil Eacnamaíochta & Pobail Dhún na nGall - – Straitéis,