Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh
Tá Dún na nGall mar pháirt de Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh anois, chomh maith leis an Chabhán, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Liatroim, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach, agus Comhairle Contae Mhaigh Eo mar údarás áitiúil ceannais ann.
De réir Alt 22 den Acht Bainistíochta Dramhaíola, 1996 agus na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pleanáil), 1997, thug na hÚdaráis Cheannais fógra go raibh rún acu tús a chur le Pleananna Réigiúnacha úra um Bainistiú Dramhaíola ar an 10 Deireadh Fómhair, 2013.
Pleananna Áitiúla/Réigiúnacha um Bainistiú Dramhaíola atá ann cheana féin
D'athbhreithnigh údaráis áitiúla an 10 bPlean Réigiúnach um Bainistiú Dramhaíola atá ann cheana féin faoi dheireadh na bliana 2012. Ba léir ó na pleananna go raibh na húdaráis áitiúla treoraithe ag na ráitis éagsúla beartais i dtaca le dramhaíl. Go háirithe, déantar soláthar sna pleananna chun bonneagar comhtháite i leith bainistiú dramhaíola a fhorbairt, ar a n-áirítear:
Roinneadh an tír i 10 réigiún ar mhaithe le cúiseanna bainistíochta dramhaíola agus tá an 10 bplean bainistíochta dramhaíola (nasc seachtrach) ar fáil ar shuíomh idirlín an GCC.
Críochnaíodh an measúnú ar na Pleananna Bainistíochta Dramhaíola atá ann cheana féin roimh an 31 Nollaig, 2012, de réir Alt 22 (2) (d) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996. Is féidir cóipeanna de na tuairiscí measúnaithe a íoslódáil ó na nascanna seo a leanas:
Measúnacht ar Phlean Bainistíochta Dramhaíola Dhún na nGall 2006 - 2010
Is é an staid reatha atá ann ná go leanfar gach Plean Bainistíochta Dramhaíola a bheith i bhfeidhm go dtí go nglacfaidh na Réigiúin Dramhaíola úra leis na Pleananna Réigiúnacha úra um Bainistiú Dramhaíola. Cuirfear tús leis an chomhairliúchán poiblí go luath i dtaca leis an phlean bainistíochta dramhaíola le haghaidh Réigiún Dramhaíola Chonnacht Uladh.
Plean Bainistíochta Dramhaíola Dhún na nGall 2006 - 2010
Is féidir cóip de Phlean Bainistíochta Dramhaíola Dhún na nGall 2006 - 2010 a scrúdú ag oifigí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall le linn gnáthuaireanta oifige 9.00am - 12.30am agus 1.00pm - 4.30pm ón Luan go dtí an Aoine, seachas Laethanta Saoire Bainc.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí dhul i dteagmháil le: Suzanne Bogan, Oiigeach Feasachta Dramhaíola, Guthán: 074 91 76276 nó ríomhphost suzannebogan@donegalcoco.ie
Íoslódáil cóip den Phlean Bainistíochta Dramhaíola