Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Músaem an Chontae

Fáilte go Músaem an Chontae

 

Museum Outside 

 

 

Is seanfhoirgneamh déanta de shean-chloch mín é Músaem Chontae Dhún na nGall. Bhí an foirgneamh mar chuid de Theach na mBocht i Leitir Ceanainn a cuireadh ar bun i 1845.  Tá cnuasach mór déantúsáin a bhfuil baint acu le stair aguis oidhreacht shaibhir Chontae Dhún na nGall le fáil ann.

 

Ar an chéad urlár, léirítear Dún na nGall in aimsir na réamhstaire suas go dtí an fichiú haois. Bíonn taispeántais shealdacha ar réimse leathan ábhair ar siúl sa ghailearaí ar an bhunurlár le linn na  bliana. Is féidir le sean agus óg tairbhe a bhaint astu. Chomh maith leis sin, bíonn clár imeachtaí agus oideachais a bhaineann le réimse éagsúil téamaí á reáchtáil acu le linn na bliana.

 

Is é príomhról an mhúsaeim ná ábhar a chruinniú, a thaifead, a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal. Tá an músaem mar áis fhoghlama acu fosta. Tá siad ábalta fianaise ábhartha agus stair Chontae Dhún na nGall a úsáid agus tairbhe a bhaint as ag an am céanna.

 

Tá súil again go n-éireoidh leat eolas a aimsiú ar stair agus oidhreacht Chontae Dhún na nGall.

  

Sonraí Teagmhála