Tá iarratais á lorg faoi Chiste Éigeandála Covid 19
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg iarratais le haghaidh scéim a chuir maoiniú ar fáil chun tacú le grúpaí pobail agus deonacha atá ag teacht i dtarrtháil ar an phobal le linn COVID 19.
Cuirfear €2.5 milliún san iomlán ar fáil trí Chiste Éigeandála COVID -19, maoiniú a bhfuil géarghá agus práinn leis. Beidh sé seo ar fáil do ghrúpaí atá ag glacadh páirte in ‘Glao an Phobail’ an rialtais, togra atá faoi cheannas na nÚdarás Áitiúil mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19.
Tá €81,759 tugtha do Chomhairle Contae Dhún na nGall le deontais a bhronnadh faoin scéim. Tá sé beartaithe gur deontais €1,000 nó níos lú a bheas i gceist leis an chuid is mó den mhaoiniú seo.
Rialacha
Is iad na Grúpaí Pobail agus Deonacha atá páirteach sna hiarrachtaí freagartha pobail i gcoinne COVID 19 a bheas i dteideal cur isteach ar an chiste seo.
Caithfidh coistí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chuig an Údarás Áitiúil ina bhfuil siad suite, agus is féidir le hiarratasóirí i nDún na nGall an fhoirm iarratais atá ar fáil ag an nasc thíos a úsáid.
Níl gá le comh-mhaoiniú ó fhoinsí eile le go gceadófaí deontas.
Féach Treoracha chun Iarratas ar Dhéanamh ar Chiste Éigeandála COVID 19 fá choinne tuilleadh eolais (féach thíos).
Caithfidh na coistí atá ag déanamh iarratais na rudaí seo a leanas a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas ar mhaoiniú:
Dáta Druidte
Caithfear iarratais chomhlánaithe a fháil, ar a dhéanaí, faoi 3pm Dé hAoine 24 Aibreán 2020.
An dóigh le hiarratas a dhéanamh
Ní mór do ghrúpaí Foirm Iarratais ar Chiste Éigeandála Covid 19 (féach thíos) a chomhlánú agus a chur isteach chuig Comhairle Contae Dhún na nGall faoin dáta druidte, nó roimhe. Glacfar le hiarratais agus doiciméadú tacaíochta trí ríomhphost ach caithfear cóip chrua den fhoirm agus do na doiciméid sin, agus iad sínithe, a chur isteach tríd an phost ina dhiaidh sin.
Foirmeacha / Doiciméid Ghaolmhara
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail Ciste Éigeandála COVID-19 Foirm iarratais
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail Ciste Éigeandála COVID-19 Treoirlínte
Covid 19 Emergency Fund Application Form (Béarla)