Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > ASCENT

ASCENT

 

 

Is tionscadal é ASCENT atá maoinithe ag an AE agus faoi stiúir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus iad ag obair le comhpháirtithe i gcúig thír Eorpacha, thar sheacht suíomh.  Is é is cuspóir leis an tionscadal ná scileanna gach réigiúin a thabhairt le chéile d’fhonn slite úra a fhorbairt leis an timpeallacht nádúrtha a chaomhnú i seacht limistéar áilleachta nádúrtha in achan cheann de na tíortha Eorpacha seo, ar bhealach inbhuanaithe.  Is é an tEaragal, i sliabhraon Dhoire Bheatha, an limistéar ardtalaimh i nDún na nGall ar a ndíreofar an tionscadal seo.

 

Cuid 8 Athchóiriú Gnáthaimh agus Rochtain Inbhuanaithe ar Shliabh an Earagail, Co. Dhún na nGall

 

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall tabhairt faoi athchóiriú gnáthaimh agus rochtain inbhuanaithe ar shliabh an Earagail i mbailte fearainn Dhún Lúiche Uachtarach, Sliabh na Bealtaine, Prochlais agus Muine Mór i gCeantar Bardais na nGleanntach.

Cuimseoidh oibreacha an tionscadail athchóiriú gnáthaimh ar shleasa theas agus thiar theas Shliabh an Earagail. Cuimseoidh na hoibreacha rochtana inbhuanaithe cosáin chlaonta chumascáin agus chloiche, clárchosán (thart ar 25 méadar ina n-úsáidfear ábhair athchúrsáilte), obair éadrom feabhsúcháin agus athchóirithe ar an leibhéal uachtair rochtana, draenáil cosáin a chuimseoidh draenacha faoi scraith, draenacha trasna agus barraí uisce, fálú leis an rochtain a bhainistiú. Feabhsúcháin ar an charrchlós atá ann cheana agus comharthaíocht ag an phointe rochtana.

Is féidir aighneachtaí agus tuairimí i dtaca leis an fhorbairt bheartaithe, a phléann le pleanáil agus forbairt chóir an cheantair ina mbeidh an fhorbairt lonnaithe, a chur isteach i scríbhinn chuig Rúnaíocht an Chontae, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 5.00pm Dé Máirt, an 19ú Márta, 2019.

 

Le breis eolais a fháil, féach:

 

Cuid VIII Iarratas

 

Aguisín A - Fógra Pleanála

 

Aguisín B - Tuairisc Scagthástála Measúnú Cuí & Aguisín B - Tuairisc Athdheisiúcháin agus Athchóirithe Gnáthaimh 

 

Aguisín C - Tuairisc ar Chosán an Earagail

 

Aguisín D - Léaráidí / Léarscáileanna

 

 

Sliabh an Earagail

 

Errigal Mountain

 

Is sainchomhartha íocónach é Sliabh an Earagail atá 751 méadar ar airde. Tá sé ar an ghné is suntasaí de thírdhreach nádúrtha iarthuaisceart Dhún na nGall. Le 20 bliain anuas, tá méadú mór tagtha ar líon na siúlóirí sléibhe a bhíonn ag tarraingt ar an Earagail achan bhliain nó taitníonn an dúshlán leo an pointe is airde sa chontae a dhreapadh. Ní hamháin sin, is mór leo an radharc leathan tíre ó bharr an Earagail, ó Shléibhte Dhoire Bheatha agus Gleann Nimhe go pobail Ghaeltachta Dhún na nGall agus na bailte beaga cois cósta atá sínte amach ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin.   In 2016, thug breis agus 30,000 cuairteoir aghaidh ar an Earagal.

 

Cad é an rud ASCENT?

 

Tá an tionscadal ASCENT, a fhaigheann tacaíocht ó Chlár an Fhorimill Thuaidh agus Artaigh (2014-2020), dírithe ar chosaint na limistéar ardtalaimh agus nádúrtha. Tá ról ceannais ag Comhairle Contae Dhún na nGall sa tionscadal trí bliana seo agus í ag obair le comhpháirtithe san Fhionlainn, san Íoslainn, i dTuaisceart na hÉireann agus san Iorua thar 7 suíomh tionscadail.  Fágann méadú ar an líon cuairteoirí agus rochtain neamhrialaithe ag na suíomhanna seo go bhfuil creimeadh ag tarlú mar aon le dúshláin timpeallachta eile ar gá plé leo.

 

 

 

ASCENT 379 x 102

 

 

 

ASCENT is funded by the Northern Periphery and Arctic Programme 2014-2020

 

Ag leibhéal áitiúil, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair leis an phobal áitiúil i nDún Lúiche mar aon le Grúpa Páirtithe Leasmhara an Earagail arb é is fís dóibh ‘a éascú do dhaoine pléisiúr a bhaint as an Earagal ar bhonn freagrach ar bhealach a chosnaíonn na tréithe speisialta s’aige agus a théann chun sochair don phobal áitiúil’. Is trí thionscadal ASCENT is féidir an fhís chomhroinnte seo a bhaint amach. 

 

Cuireadh tús leis an tionscadal ar an 1ú Meán Fómhair, 2016 agus bainfear an méid seo a leanas amach don Earagal faoi mhí Lúnasa 2019:

 

  • Taighde a bheas dírithe ar thionchar an chreimthe arb é méadú ar líon na gcuairteoirí ar an tsliabh is cúis leis.

 

  • Plean Bainistíochta le cuidiú leis an phobal agus le grúpa páirtithe leasmhara an Earagail agus lena dtreorú i dtaca le bainistíocht agus cothabháil todhchaí an Eargail ar bhealach cothromaithe.

 

  • Cosán coisithe ardtalaimh arna dhearadh ag speisialtóir cosán ardtalaimh d’fhonn na brúnna ó chuairteoirí a sheasamh agus d’fhonn caomhnú na timpeallachta nádúrtha a chinntiú san fhadtréimhse.

 

  • Suirbhéanna agus áiritheoir d’fhonn treochtaí agus eispéiris na gcuairteoirí a thugann cuairt ar an Earagal a ghabháil.

 

  • Cur le feasacht ar thionchair na fóillíochta agus le tuiscint ar thréithe speisialta an Earagail agus ar a leochaileacht, trí na meáin shóisialta, suíomh gréasáin, léarscáileanna, íomhánna agus físeáin.

 

Trí bheith ag comhoibriú le hiomlán na gcomhpháirtithe agus páirtithe leasmhara, ar bhealach a bheas dírithe ar chur chun cinn na rochtana inbhuanaithe, beidh ról thar a bheith dearfach ag ASCENT i dtaca le bheith ag éascú don phobal ar bhonn leanúnach pléisiúr a bhaint as an Earagal, agus, san am chéanna, an sliabh a chosaint do na glúnta a thiocfas inár ndiaidh.

 

ASCENT on Facebook

 

ASCENT thumbnail