Page 74 - Donegal CC An Rpt 19
P. 74

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Bosca Te ur Bitmac ar Leantóir, a ceannaíodh in 2019
Soilsiú Poiblí
I rith 2019, lean conraitheoir cothabhála
an tsoilsithe phoiblí leis na huasghráduithe LED ar fud an chontae, obair ba chúis le hiarfheistiú foriomlán 20% den 18,000 solas poiblí le LEDanna.
Cheadaigh TII roinnt tionscadal in 2019, tionscadail a bhí mar bhonn le huasghrádú soilse neamh-LED ar an ngréasán náisiúnta i nDún na nGall chuig réitigh LED.
Céanna & Calafoirt
Caitheadh deontas a fuarthas ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara in 2019,
luach €172,500, i dteannta le maoiniú meaitseála breise de €57,500 ón gComhairle ar athchóiriú chéanna agus chalafoirt an Chontae in 2019. Caitheadh an deontas
seo sa bhreis ar mhaoiniú Acmhainní
Dílse leithdháilte le haghaidh oibreacha cothabhála agus deisiúcháin ar Chéanna & ar Chalafoirt.
Bóithre na gCeantar Bardasach
Rannán na Limistéar Bóithre
Tá gréasán bóithre poiblí iomlán Chomhairle Contae Dhún na nGall 6,446 km ar fad
agus i gcaitheamh 2019 chaith Rannán na Limistéar Bóithre thart ar €52m ar obair chothabhála agus feabhais ar an ngréasán seo. Tháinig an maoiniú seo ó fhoinsí éagsúla agus cheadaigh sé raon leathan oibre a chur i gcrích, lena n-áirítear;
Cothabháil Ghinearálta
Tugann foireann na Comhairle faoi obair chothabhála ginearálta ar an ngréasán bóithre poiblí. Cuimsítear san obair seo go hiondúil cothabháil córas draenála, deisiú dromchla, cothabháil ciumhaise, cothabháil comharthaí agus glanadh sráideanna. Go minic iarrtar ar fhoireann cothabhála bóithre na Comhairle cabhrú leis an tSeirbhís Dóiteáin agus le An Garda Síochána chun déileáil le timpistí bóthair agus drochaimsir agus tá na gníomhaíochtaí seo á maoiniú tríd an bhfeidhm cothabhála ginearálta freisin.
 

















































































   72   73   74   75   76