Page 73 - Donegal CC An Rpt 19
P. 73

                                  Sa ghrianghraf leis na 4 Thrucail Dumpála nua 26t (6x4) (C go D) tá: Stiúrthóir Seirbhíse John McLaughlin, Innealtóir Feidhmiúcháin Ronnie Sayers, Príomhfheidhmeannach Seamus Neely agus Teicneoir Sinsearach Feidhmiúcháin Gary Coll.
Glasbhealaí an Iarthuaiscirt
I rith 2019, rinneadh forbairt ar na próisis Roghnaithe Bealaí agus Comhairliúcháin Phoiblí a bhain leis na 3 Ghlasbhealach. Rinne na pobail rannpháirtíocht shuntasach agus cuireadh tús leis na hullmhúcháin
le haghaidh fhoilsiú EIAR do Bhealach 1 (Bun Cranncha-Doire), forbraíodh Bealach 2 (Magh) agus Bealach 3 (Leifear) trí Chuid 8 den phróiseas ceadaithe pleanála ag tús 2019 agus ansin rinneadh miondearadh agus ceannaíodh talamh chun tógáil an dá bhealaigh seo a éascú in 2020.
Clós Innealra & Stórtha
Stórtha Ginearálta
Lean an fhoireann Stórtha lena clár
feabhais agus le seirbhís chostéifeachtach
a sholáthar dá custaiméirí agus tá an fhoireann ag leanúint le húsáid a bhaint as na comhaontuithe creata náisiúnta chun éagsúlacht mhór táirgí a sholáthar lena chinntiú go bhfuil an luach is fearr ar airgead á fháil ag an gComhairle.
Soláthraíodh agus seachadadh 6.5 milliún lítear biotúmain chuig suíomhanna i rith 2019 le húsáid le haghaidh chothabháil an ghréasáin bóithre.
An Clós Innealra
I rith 2019 lean an Clós Innealra le flít oiriúnach don fheidhm d’fheithiclí faoina úinéireacht agus d’fheithiclí fruilithe a sholáthar d’fhoireann Bóithre na Comhairle, d’fhoireann na Seirbhísí Tithíochta agus Uisce Éireann, chun cothabháil, deisiú agus oibriú leanúnach shócmhainní na Comhairle a éascú.
Táthar ag leanúint freisin le tionscadal athchóirithe an Chlóis Innealra agus bhí críoch curtha leis na hoibreacha ar an láithreán le haghaidh chéim 1 i Meán Fómhair 2019, agus táthar ag tabhairt faoi chonradh oibreacha uasghrádaithe iomlána leictreachais ar fud na saoráide.
Athsholáthar/Athchóiriú Gléasra Caipitil
Ceannaíodh na míreanna gléasra nua seo a leanas in 2019:
· 4 Thrucail Dumpála nua 26t (6x4)
· 2 Bhosca Acastóra Bitmac Leantóirshuite
Bainistíocht Salainn
Bainistíodh 12,267 tona salainne trí Chóras Bainistíochta Salainn TII agus seachadadh an salann chuig iostaí ar fud an chontae chun soláthar an phlean seirbhíse geimhridh a éascú.
Leathanach 71















































































   71   72   73   74   75