Page 71 - Donegal CC An Rpt 19
P. 71

                                Cothabháil Droichid
In 2019, bronnadh Deontas Feabhais Shonraigh luach €250,000 ar Chomhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh Athshlánú Droichid ar Bhóithre Réigiúnacha agus cuireadh obair i gcrích ar 9 ndroichead. Cuireadh na hoibreacha seo i gcrích in 2019.
Leithdháileadh €250,000 breise le haghaidh treisiú nó athsholáthar speisialaithe 11 dhroichead eile ar fud an chontae. Cuireadh na hoibreacha seo i gcrích in 2019 freisin.
Ina theannta sin, leithdháileadh €135,000 faoi dheisiúcháin tuilte agus foinsí eile chun 6 dhroichead laga nó dhamáistithe a threisiú. Cuireadh na hoibreacha seo i gcrích in 2019 freisin.
Droichead Ivy an Chlocháin CB Shrath an Urláirar MD
· Bóthar Faoisimh an Deiscirt agus Droichid Leitir Ceanainn - d’éascaigh comhairliúchán leanúnach leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt bailchríoch a chur ar an Réamh-Bhreithmheas agus ceadú a fháil chun leanúint leis an gcoimre chomhairligh don tionscadal a ullmhú.
· Córas Bainistíochta Tráchta Leitir Ceanainn - forbraíodh roghanna dearaidh agus ceapadh comhairleach chun tabhairt faoi shamhaltú acomhail agus measúnuithe rogha bealaí chun an réiteach inmhianaithe a chinneadh.
Leanadh leis na hoibreacha tógála suímh ar thionscadal Bhóthar Joe Bonner in 2019. Cuireadh na hoibreacha dearaidh le haghaidh oibreacha cosáin DUGS ag Bóthar an Chalafoirt, An tSráid Mhór Íochtarach agus Bóthar Oilibhéir Pluincéid i gcrích.
Chomh maith leis sin, lean an fhoireann Dearaidh Bóithre le carrchlóis a fhorbairt agus córais aontreo le haghaidh suíomhanna éagsúla i gcomhairle le Foirne Ceantair na gCeantar Bardasach fad is a bhí forbairt á déanamh ar phrótacal nua ceannach talún
a raibh sé mar aidhm leis éifeachtúlacht agus amscála na bpróiseas tíolacais talún a fheabhsú.
Sábháilteacht ar Bhóithre
Chuir an Fhoireann Dearaidh Bóithre
críoch le measúnú agus le dearadh go leor scéimeanna timpistí ísealchostais chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus rinneadh tuilleadh forbartha ar scéimeanna HD15 ar na Bóithre Náisiúnta.
Cheadaigh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt maoiniú le haghaidh gach scéim timpistí ísealchostais curtha i bhfeidhm le haghaidh oibreacha críochnaithe ag deireadh na bliana.
Leathanach 69
  Droichead Ráth Dónaill - CB Leitir Ceanainn
Dearadh Bóithre
Rinneadh forbairt i ndáil le roinnt tionscadal deartha bóithre in 2019 i ndiaidh maoiniú
a fháil ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
· Droichead agus Athailíniú Bóithre Fhionntrá - cuireadh an Próiseas Roghnaithe Bealaí i gcrích.















































































   69   70   71   72   73