Page 72 - Donegal CC An Rpt 19
P. 72

                                  Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
An 13ú Seó Bóthair Bliantúil um Shábháilteacht ar Bhóithre
Lean an tOifigeach um Shábháilteacht ar Bhóithre le tacaíocht a sholáthar do Ghrúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall (GOSBD). Is comhpháirtíocht ar leith é an Seó Bóthair um Shábháilteacht
ar Bhóithre idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus comhaltaí de Ghrúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall a sholáthraíonn ardán chun tionchar dearfach a imirt ar iompar tiomána mac léinn óg nuair a thosaíonn siad ag tiomáint nó nuair a bhíonn siad ag taisteal mar phaisinéirí
i gcarranna. D’fhreastail breis is 2,500
mac léinn ó mheánscoileanna agus ionaid Ógtheagmhála Dhún na nGall ar an 13ú Seó Bóthair Bhliantúil um Shábháilteacht ar Bhóithre i nDeireadh Fómhair 2019.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Grúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall ag leanúint ar aghaidh ag obair le Club Peile Finn Harps chun cabhrú le haird a tharraingt ar Shábháilteacht ar Bhóithre i nDún na nGall tríd an gcomórtas Ealaíne um Shábháilteacht ar Bhóithre do Bhunscoileanna a eagrú.
In 2019, lean Grúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall ag obair i gcomhpháirt le Donegal Daily, suíomh gréasáin Mhol Spóirt Dhún na nGall agus Coiste Sláinte agus Folláine CLG Dhún na
nGall chun aird a tharraingt ar cheisteanna a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus feasacht sábháilteachta ar bhóithre a chur chun cinn ar fud Dhún na nGall.
Buaiteoir chomórtas Ealaíne um Shábháilteacht ar Bhóithre na mBunscoileanna ag Páirc Fhinn
Bhronn Iris na hEarnála Poiblí gradam
le haghaidh Sármhaitheas Seirbhíse
sa tSábháilteacht ar Bhóithre 2019 ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. Is é seo an cúigiú bliain as a chéile a bhfuil an gradam seo bronnta ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Sármhaitheas Seirbhíse - Gradam um Shábháilteacht ar Bhóithre 2019 bronnta ag Iris na hEarnála Poiblí
  




















































































   70   71   72   73   74