Page 75 - Donegal CC An Rpt 19
P. 75

                                 Treisiú Bóithre - CB Leitir Ceanainn
Treisiú Bóithre
Caitheadh thart ar €14.5m ar an gclár Treisithe Bóithre i rith 2019, caiteachas a cheadaigh 182 km de bhóithre a threisiú trí 228 tionscadal ar leith. Tá an obair seo á maoiniú tríd an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt (RITS)
go príomha. Chomh maith leis sin, cuireadh 3 thionscadal treisithe bóithre ar leith i gcrích ar na hOileáin amach ón gcósta atá á maoiniú ag Roinn na Gaeltachta.
Athdhromchlú Bóthair
Caitheadh thart ar €3.7m de mhaoiniú RITS ar an gclár Athdhromchlaithe Bóthair i rith 2019 agus d’éascaigh sé sin athdhromchlú 168 km de bhóithre trí 170 tionscadal aonair.
Feabhsuithe Draenála Bóthair
Sholáthair RITS maoiniú deontais de €1.35m in 2019 le haghaidh oibreacha a raibh sé mar aidhm leo fadhbanna draenála bóthair
a mhaolú trí oibreacha nua nó trí oibreacha feabhais. Cuireadh 75 tionscadal feabhsaithe draenála ar leith i gcrích ar fud an chontae trí úsáid a bhaint as an maoiniú seo.
Scéimeanna Feabhais Pobail
D’athbhunaigh RITS Scéimeanna Rannpháirtíochta Pobail in 2018 agus d’éascaigh maoiniú de €1.416m a cuireadh ar fáil in 2019 faoin gclár seo 24km de bhóithre poiblí a fheabhsú trí 41 tionscadal ar leith.
Cóiriú Dromchla - CB Inis Eoghain
Leathanach 73
   Droichead Ghort an tSrutháin - Athsholáthar Tóchair
Scéim Rannpháirtíochta Pobail Chosán Chill Ó mBaird




















































































   73   74   75   76   77