Page 76 - Donegal CC An Rpt 19
P. 76

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Seirbhís Gheimhridh
Tá an Chomhairle freagrach as móroibríocht gheimhridh leata grin a chiallaíonn go mbíonn cóireáil á cur ar 1,030 km de bhóithre poiblí idir lár Dheireadh Fómhair agus deireadh Aibreáin gach bliain. Tá an 1,030 km seo roinnte in 21 bealach ar leith. Bíonn breis is 120 comhalta foirne de chuid na Comhairle páirteach in oibríocht seirbhíse an gheimhridh agus áirítear ina measc tiománaithe, cuiditheoirí, innealtóirí, feisteoirí, Maoirseoirí Bóithre, Oifigeach Sláinte & Sábháilteachta, etc. In 2019, chosain an tseirbhís seo thart ar €1.71m.
Mórthionscadail Bóithre
Fuarthas maoiniú luach breis is €2m ó RITS in 2019 chun leathnú agus treisiú ar líne a dhéanamh ar Bhóthar an R232/An Lathaigh - Paiteagó. Caitheadh thart ar €800,000 ar an obair seo in 2019.
Deisiú Damáiste ó Thuilte Lúnasa 2017
In 2019 leanadh leis an obair dheisiúcháin ar shócmhainní bóthair a ndearnadh damáiste dóibh i mí Lúnasa 2017 agus caitheadh breis is €1.6m ar an obair.
Deisiú Damáiste ó Thuilte - Páirc Swan, Bun Cranncha
Cothabháil Páirceanna
In 2019 chaith an Chomhairle €1.25m ar obair chothabhála i bpáirceanna poiblí agus spásanna oscailte sa chontae. I measc na samplaí de na páirceanna agus spásanna oscailte ar cuireadh obair chothabhála i gcrích iontu in 2019 tá Páirc Baile Mhig Loingsigh, Páirc Bhaile Mhic Comhghaill, Faiche Bhun an Phobail, Cnoc na Beairice i gCarn Domhnach agus Cladach Bhun Dobhráin.
Speicis Choimhthíocha Ionracha Plandaí
Tá an Chomhairle i mbun clár cóireála do ghlúineach bhiorach feadh bóithre poiblí ó 2015. Cóireáladh sa bhreis ar 950 foirgeacht aonair cois bóthair in 2019. Cuireadh foirgeachtaí feabhrán capaill le liosta an chláir cóireála den chéad uair in 2019.
Páirceáil Íoc agus Taispeáin do Charranna
Tá seirbhísí Páirceála Íoc & Taispeáin do Charranna á soláthar ag an gComhairle i roinnt bailte sa chontae. Chabhraigh an t-ioncam €1.15m a fuarthas ón tseirbhís seo chun costais foirne agus costais sheasta eile a bhaineann leis an oibríocht íoc páirceála
a mhaoiniú agus chomh maith leis sin chabhraigh sé le hoibreacha eile a mhaoiniú sna bailte inar bailíodh an t-airgead.
   Atógáil Droichid a Scriosadh
i dTuile i mí Lúnasa 2017 i CB Inis Eoghain


















































































   74   75   76   77   78