Page 78 - Donegal CC An Rpt 19
P. 78

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Oifig Bóithre Náisiúnta Dhún na nGall
Tá TII ag leanúint le tacaíocht agus maoiniú a sholáthar do Bhóithre Náisiúnta Dhún na nGall agus Réigiún an Iarthuaiscirt. Sáróidh caiteachas ar thionscadail Bóithre Náisiúnta atá á mbainistiú ag Oifig Bóithre Náisiúnta Dhún na nGall €29m agus rinneadh obair ar bhreis is 59 tionscadal aonair in 2019.
Mar aon le pleanáil, dearadh agus soláthar ar an talamh, tá an Oifig Bóithre Náisiúnta ag leanúint le súil a choinneáil ar na hathruithe timpeallachta, geilleagracha agus sóisialta
is déanaí mar gur fachtóirí iad a mbaineann ábharthacht straitéiseach leo. Cabhraíonn siad le luath-aithint, breithniú agus measúnú rioscaí agus deiseanna.
Tionscadal Feabhais Tosaíochta
Ten-T Dhún na nGall
Is é seo an tionscadal infreastruchtúir is mó agus is tábhachtaí sa chontae. Is é atá mar aidhm leis an tionscadal trí mhórchuid den bhóthar náisiúnta a fheabhsú.
Táthar ag leanúint leis an tionscadal mar
a bhí beartaithe. In 2019 áiríodh san
obair a cuireadh i gcrích dlús a chur faoi
na próisis dearaidh agus bhreithmheasa agus comhairliúchán poiblí suntasach agus ceardlanna i ndáil le roghnú na bpasáistí.
In 2020 leanfar le himscrúduithe ar an láithreán, réamh-mheasúnuithe dearaidh agus comhshaoil. D’éirigh le Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le TII agus RITS maoiniú AE a fháil trí Shaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) - 2019 Gairm Iompair do Thionscadal Feabhais Bealaí Tosaíochta TEN-T, Dún na nGall. Is céim mhór chun cinn do Chomhairle Contae Dhún na nGall é seo. Ba é an maoiniú luach €4.335m an 6ú ciste maoinithe is mó a bronnadh i Limistéar an Euro sa ghairm
CEF seo.
Ten-T Dhún na nGall - Ceann de thionscadail rathúla CEF-mhaoinithe 2019
Ten-T Dhún na nGall - Ceann de thionscadail rathúla CEF-mhaoinithe 2019
Tionscadail Tógála Bóithre Náisiúnta 2019
Bhí 4 chonradh tógála shuntasacha ar siúl i nDún na nGall in 2019.
  
















































































   76   77   78   79   80