Page 79 - Donegal CC An Rpt 19
P. 79

                                 Comhairleoirí Cheantar Bardasach Leitir Ceanainn agus Bhaile na nGallóglach ag oscailt oifigiúil an N56/An Cúl Buí go Cill Mhic Réanáin - Deireadh Fómhair 2019
N56/Athailíniú an Chúil Bhuí go
Cill Mhic Réanáin
Ba é BAM Civils a bhí i mbun an obair thógála ar an scéim seo a cuireadh i gcrích i mí Bealtaine 2019, breis is 3 mhí sula raibh sé beartaithe
an obair a chur i gcrích. Osclaíodh an Scéim
go hoifigiúil ar an 7 Deireadh Fómhair 2019.
I dteannta leis an mbóthar nua, feabhsaithe agus níos sábháilte, cuimsíodh cuid de Scéim Feabhais Réigiúnach Uisce Leitir Ceanainn sa scéim. Soláthraíonn an tionscadal seo seirbhísí feabhsaithe bóthair agus taisteal gníomhach le saoráid mheasctha do rothaithe/do choisithe.
Cuireadh síneadh ó dheas leis an rotharbhealach chomh fada leis an gCúl Buí chun nascacht
leis an Scoil Náisiúnta ag Eileastran a
sholáthar. Tá síneadh eile fós beartaithe chun
an rotharbhealach seo a nascadh le ceantar uirbeach Leitir Ceanainn.
N56/Tamhnach an tSalainn go Droim Beitheach
Ba é Wills Bros Ltd. a rinne an obair thógála ar an scéim seo, agus bhí formhór na hoibre curtha i gcrích ag tús Lúnasa 2019. Bhí níos mó dul chun cinn déanta ag an tráth sin ná mar a bhíothas ag súil leis. D’fháiltigh an pobal roimh an scéim seo, a raibh bóthar feabhsaithe agus níos sábháilte dá toradh. Soláthraíonn an chuid seo den N56 an phríomhrochtain chuig Cuan na gCealla Beaga agus Sliabh Liag ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin.
Tionscadal an N56/Tamhnach an tSalainn go Droim Beitheach curtha i gcrích in 2019
Leathanach 77
 



















































































   77   78   79   80   81