Page 81 - Donegal CC An Rpt 19
P. 81

                                Tionscadail Sábháilteachta
Tá obair déanta ag Rannóg Sábháilteachta Oifig Bóithre Náisiúnta Dhún na nGall ag 8 Shuíomh Ard-imbhuailte i mbliana agus tá €1.35m caite ar oibreacha sábháilteachta na scéime.
Príomhthionscadal é an N56/Bóthar Ceithre Lána Leitir Ceanainn. Is gné shuntasach í an
scéim sábháilteachta agus cosán seo de phleananna bainistíochta tráchta todhchaíocha Leitir Ceanainn freisin. Tá sé beartaithe tús a chur leis an obair thógála a bhaineann leis an tionscadal seo in 2020.
Bainistíocht Líonra
Droichid, Comharthaí agus Teorainn
Mar aon le leanúint le cláir iniúchta, chothabhála agus athnuachana a sholáthar, sholáthair na foirne réigiúnacha um Bainistíocht Droichead agus na foirne Comharthaí agus Teorann sainchomhairle maidir le gach tionscadal eile nuair a bhí gá lena leithéid.
Tá dul chun cinn sásúil á dhéanamh ar thionscadail i ngach réimse. Is tosaíocht leanúnach
é forbairt agus meastóireacht ar thionscadal a chomhlíonadh. Gné riachtanach de gach tionscadal, beag beann ar an scála, é comhréireacht leis an gCód Caiteachais Phoiblí agus le prionsabail an luacha ar airgead. Cinntíonn an Oifig Bóithre Náisiúnta, i ndlúthchomhar le TII, go bhfuil na cleachtais mheastóireachta agus chaiteachais a chuirtear i bhfeidhm ag caighdeán comhlíontach, agus go bhfuil na caighdeáin seo á gcothabháil agus a nuashonrú.
Tionscadail ag na Céimeanna Deireanacha Dearaidh/Tairisceana
Ag leanúint ar aghaidh ó roinnt tionscadal a cuireadh i gcrích le déanaí tá sé beartaithe roinnt feabhsuithe suntasacha eile a chur i bhfeidhm ar an N56. Tá sé beartaithe go bhféadfaí tús a chur leis an obair thógála sa ghearrthéarma. Áirítear ina measc seo an N56/An Clochán Liath go dtí An Chlochbhuaile agus an N56/Leitir Oilí go dtí Na Gleannta / Cill Riáin.
Tionscadail ag na Céimeanna Tosaigh, Luathchéimeanna Dearaidh / Pleanáil Thosaigh
Lean an Oifig Bóithre Náisiúnta le hathbhreithniú agus le measúnú a dhéanamh ar an ngréasán bóithre atá i nDún na nGall i láthair na huaire. Tá straitéis fhadtéarmach á forbairt ag an oifig chun bealaí feabhais tosaíochta a aimsiú, a sceidealú agus a fhorbairt tríd an bpróiseas fadálach pleanála, meastóireachta agus dearaidh. In 2019 tá tús curtha ag an Oifig Bóithre Náisiúnta
leis an obair dearaidh a bhaineann le dhá scéim, an N13/Ceann an Droichid chomh fada leis an Teorainn le Roinn Infreastruchtúir Thuaisceart Éireann agus an N56/Tobar an Dúin go dtí Droim Bric.
Lena chois sin, tá liosta fada tionscadal ag na céimeanna coincheapa / na meastóireachta tosaigh. Tá siad aitheanta mar riachtanais feabhais todhchaí (meántéarma) an ghréasáin bóithre náisiúnta sa chontae. Áirítear i measc na samplaí; an N13/Srath an Urláir go Leitir Ceanainn, an N3 ó Bhéal Átha Seanaidh go dtí teorainn Thuaisceart Éireann, an N56/Inbhear go dtí Na Cealla Beaga (Cúig phointe), an N56/An Fál Carrach go Gort an Choirce.
Leathanach 79
 


















































































   79   80   81   82   83