Page 83 - Donegal CC An Rpt 19
P. 83

                                An tSeirbhís Uisce & Timpeallachta
Infreastruchtúr fisiciúil, sóisialta, geilleagrach, timpeallachta, pobail agus cultúrtha a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt
Tá an tSeirbhís Uisce & Timpeallachta freagrach as:
· Oibriú na seirbhísí uisce phoiblí thar ceann Uisce Éireann.
· Maoirseacht a dhéanamh ar an Earnáil Uisce Tuaithe mar Údarás Maoirseachta.
· Bainistíocht dramhaíola.
· Rialú agus bainistíocht freagartha truailliú uisce.
· Oibriú le páirtithe leasmhara chun cuspóirí an Phlean Bainistíochta Abhantraí a chomhlíonadh.
· Oideachas agus feasacht timpeallachta.
· Bainistíocht bruscair.
· Tránna a bhainistiú agus staidéar ar chóstaí a choimisiúnú.
· Tacaíocht infreastruchtúir d’áiseanna fóillíochta.
Seirbhísí Uisce
Soláthairtí Uisce Óil
Tá an Comhaontú Leibhéal Seirbhíse idir Uisce Éireann agus an Chomhairle ag leanúint ag freastal ar bhainistíocht seirbhísí uisce agus fuíolluisce i gContae Dhún na nGall. Áiríodh anseo 32 Soláthar Poiblí Uisce (SPU) a sholáthar 26.8 milliún méadar ciúbach d’uisce óil in 2019 a d’fhreastail ar dhaonra de thart ar 160,000. Ceannaíodh 89,100 méadar ciúbach breise d’uisce ó Uisce Thuaisceart Éireann. Chomh maith leis sin, soláthraítear uisce ó fhoinsí soláthair uisce phoiblí do 6 Ghrúpscéim Uisce Phoiblí (GSU).
In 2019 thionscain an Chomhairle Clár Athsholáthair Luaidhe agus Clár Bainistíochta Brú thar ceann Uisce Éireann.
Tá achoimre le fáil sa tábla thíos ar tháirgeadh uisce óil i nDún na nGall in 2019.
Leathanach 81
 Ceantar Bardasach (CB)
 Uisce Óil (méadair chiúbacha)
 CB Inis Eoghain
 6,925,886
 CB Dhún na nGall
5,384,276
 CB na nGleanntach
  5,394,682
 CB Leitir Ceanainn
5,832,178
 CB Leifir / Shrath an Urláir
 3,349,337
 Iomlán
  26,886,359
   


































































   81   82   83   84   85