Page 85 - Donegal CC An Rpt 19
P. 85

                                Scéimeanna Fuíolluisce
Tá 89 doirteadh scéim fuíolluisce bardasach sainaitheanta le húdarú ag EPA agus tá ceadúnais doirte bronnta ar 37 as 38 doirteadh scéime i nDún na nGall go dtí seo, agus tá Teastais Údaraithe ag an 51 doirteadh scéime fágtha. Lean Comhairle Contae Dhún na nGall i mbun fheidhmiú fhormhór na n-ionad seo faoin gComhaontú Leibhéal Seirbhíse le hUisce Éireann, arb ionann é agus an tÚdarás Seirbhísí Uisce freagrach.
Comhlíontacht Caighdeáin Doirteadh Fuíolluisce
Lean Comhairle Contae Dhún na nGall le monatóireacht a dhéanamh ar gach doirteadh fuíolluisce ceadúnaithe agus deimhnithe i gContae Dhún na nGall, thar ceann Uisce Éireann, agus tuairiscíodh na torthaí míosúla d’Uisce Éireann agus don EPA i dteannta le Tuarascáil Timpeallachta Bliantúil. Déantar comhlíontacht na ndoirteadh ceadúnaithe a mheas ag féachaint do cheanglais an Cheadúnais Doirte agus an Treoir um Fhuíolluisce Uirbeach. Bhí na hionaid níos nuaí, níos nua-aimseartha comhlíontach, ach ní raibh roinnt ionad níos sine comhlíontach, fianaise ar an ngá atá le tuilleadh infheistíochta i gcóireáil fuíolluisce. I gcásanna áirithe, tá sé beartaithe teorainneacha ceadúnais a laghdú in 2020, a bheidh mar bhonn leis an ngá atá le barrfheabhsú agus uasghrádú ionad a mhéadú.
Forléargas ar Chaipiteal Seirbhísí Uisce
Coimisiúnaíodh Ionad Fuíolluisce nua i gCoill Darach, An Craoslach chun freastal ar cheantar an Chraoslaigh agus Dhún Fionnachaidh. Bhíothas ag leanúint leis na hoibreacha ag ionad fuíolluisce nua do réigiún Leitir Ceanainn agus mórobair athchóirithe ar ionad fuíolluisce i gCroithlí i réigiún na Rosann.
Suiteáladh thart ar 50km de phríomhlíne nua uisce i rith na bliana in ionad na bpíblínte a bhí ann a bhí ag cur le líon ard píopaí pléasctha nó fadhbanna le caighdeán an uisce nó le nascréimsí soláthair. San áireamh anseo bhí thart ar 10km de phíblíne a críochnaíodh mar chuid de thionscadal athailínithe bóithre an Chúil Bhuí go Cill Mhic Réanáin.
Cuireadh móroibreacha uasghrádaithe i gcrích ar an ngréasán fuíolluisce in go leor ceantar i Leitir Ceanainn i rith 2019 lena n-áirítear go leor ceantar ina mbíonn go leor tráchta. Trí bheith ag obair le páirtithe leasmhara áitiúla agus le An Garda Síochána déileáladh ar bhealach réamhghníomhach le ceisteanna bainistíochta tráchta.
Leanadh leis an dearadh agus pleanáil mhionsonraithe ar roinnt mórthionscadal agus miontionscadal i gceantair uisce agus fuíolluisce a raibh sé beartaithe leanúint leis an obair thógála a bhain leo in 2020 agus 2021.
Leathanach 83

























































































   83   84   85   86   87