Page 84 - Donegal CC An Rpt 19
P. 84

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Tá líon suntasach grúpscéimeanna uisce
ag feidhmiú ar fud an chontae atá faoi
réir monatóireacht chomhlíontachta ag sconna an tomhaltóra. Áirítear ina measc
4 GSU phríobháideacha, 6 GSU phoiblí
agus 41 soláthar uisce príobháideach a sholáthraíonn uisce do ghníomhaíocht phoiblí/tráchtála. Mhéadaigh líon na soláthairtí beaga príobháideacha lenar bhain leas tráchtála a ndearnadh monatóireacht orthu go suntasach in 2019. Tuairiscíodh torthaí mhonatóireacht chomhlíontachta
na soláthairtí seo don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) le haghaidh 2019. As measc na GSU poiblí, cuireadh ceann amháin as an áireamh sa chuid deiridh den bhliain trí nasc a chruthú le soláthar uisce phoiblí. Ghlac Uisce Éireann seilbh go foirmiúil ar GSU poiblí eile roimh dheireadh na bliana.
Fuair Comhairle Contae Dhún na nGall maoiniú de thart ar €2.7M don earnáil uisce tuaithe sa chontae ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoi Chlár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2019 go dtí 2021.
Tá an Chomhairle i mbun scéim fóirdheontais bhliantúil a riar thar ceann na Roinne chun cur leis na costais oibríochtúla a bhaineann le GSUanna, Scéim Deontais Tobair do thoibreacha aonair uisce inólta agus
scéim deontais le haghaidh athchóiriú nó athsholáthar ionaid chóireála fuíolluisce baile.
Caighdeán Uisce Óil
Is é an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) atá ag feidhmiú mar údarás maoirseachta d’Uisce Éireann i
ndáil le seirbhísí uisce phoiblí (SUP) agus
is é Comhairle Contae Dhún na nGall atá
ag feidhmiú mar údarás maoirseachta do sholáthairtí príobháideacha. Rinneadh Monatóireacht Chomhlíontachta an ghréasáin i saotharlann chreata Uisce Éireann le haghaidh Seirbhísí Uisce Phoiblí agus rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Monatóireacht Chomhlíontachta thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh Soláthairtí Uisce Príobháideacha.
In 2019, bhí an leibhéal comhlíontachta micribhitheolaíochta i Soláthairtí Uisce Phoiblí Dhún na nGall cothrom le 100%, agus bhí an leibhéal comhlíontachta trí chéile (lena n-áirítear paraiméadair cheimiceacha agus táscaire) cothrom le 99.45%.
Baineadh trí scéim ó Liosta Gníomhaíochtaí Ceartaitheacha (LGC) EPA i rith 2019, agus ní raibh ach dhá sholáthar fágtha ag deireadh na bliana agus bhí sé beartaithe deireadh
a chur le ceann de na soláthairtí seo ag tús 2020.
Bhí an leibhéal mhicribhitheolaíochta le haghaidh soláthairtí Príobháideacha a ndearnadh monatóireacht orthu i nDún na nGall í 2019 ag 96%, ach d´fheabhsaigh an leibhéal comhlíontachta trí chéile ó 96.4% in 2018 go dtí 98.47% in 2019.
















































































   82   83   84   85   86