Page 86 - Donegal CC An Rpt 19
P. 86

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Rialú ar Thruailliú | Ár n-ealaíona, cultúr, timpeallacht, oidhreacht agus teangacha a chaomhnú, a bhainistiú, tacú leo agus iad a chur chun cinn
Tugann Lárshaotharlann na Comhairle faoi raon clár monatóireachta atá dírithe ar chosaint na timpeallachta agus rialú ar thruailliú sna réimsí Uisce agus Aeir agus Torainn, lena n-áirítear:
· Doirteadh tráchtála / tionsclaíoch chuig séaraigh (Uisce Éireann) agus uiscí
· Aibhneacha agus lochanna
· Iniúchtaí ar dhabhcha séarachais faoin
bPlean Náisiúnta Iniúchta
· Monatóireacht ar uisce snámha (tránna Brataí Goirme, Cósta Glas)
· Iniúchtaí feirme
· Truailliú aeir - Rialacháin maidir le
Decopaint & Tuaslagóirí, agus
· Freagairt do ghearáin faoin timpeallacht (uisce, aer & torann).
Tionscadal CatchmentCARE
Is é Comhairle Contae Dhún na nGall Príomh-Chomhpháirtí an Tionscadail cúig bliana CatchmentCARE a chuirfear i gcrích
in 2022. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú
faoi bheart Timpeallachta chlár EU Interreg VA agus tá buiséad de bheagnach €14m ceadaithe don tionscadal. Tá faisnéis mhionsonraithe faoin Tionscadal lena n-áirítear na comhpháirtithe rannpháirteacha le fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscadail www.catchmentcare.eu
Tá an Tionscadal seo á stiúradh ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus tá trí thionscadal chun caighdeán an uisce a fheabhsú le forbairt i abhantranacha trasteorann ag
an bhFinn (Dún na nGall-Tír Eoghain); An Arna (Fear Manach-An Cabhán-Liatroim) agus An Dubhainn (Ard Mhacha-Tír Eoghain-Muineachán) agus tá 50 stáisiún monatóireachta screamhuisce le suiteáil ar fud an réigiúin chun tuiscint níos fearr a fháil ar an screamhuisce in abhantracha
trasteorann agus ar an idirghníomhaíocht idir dobharlaigh screamhuisce & uisce dromchla.
Ag an bhFinn, chuir Gníomhaireacht na Lochanna tús le hoibreacha ‘ionsrutha agus bruachánacha’ ag tosú ag an gComairce agus díríodh ar cheadanna pleanála a fháil le Ráitis Tionchair Natura gaolmhara agus le ceadanna úinéara talún. Chomh maith leis sin, leanadh le hobair a bhain le déileáil le ceist a bhain le heaspórtáil ceimiceán
ag an bhFinn trí obair suirbhéireachta agus mapáil suíomhanna tumtha caorach agus foraoiseachta.
Dhruileáil an Fhoireann Screamhuisce an chéad stáisiún monatóireachta screamhuisce (poill tóraíochta a bhí 80m & 36m domhain) ag Coláiste Naomh Columba, Srath an Urláir agus bhí sé beartaithe leaschraoltaí chuig scáileáin sa seomra ranga a sholáthar.
Chomh maith leis sin, thacaigh an Tionscadal CatchmentCARE trí ‘Scéim Dreasachta Pobail’ le trí ghrúpa pobail san Fhinn, lena n-áirítear:
1. Cuideachta Pobail Comhtháite Bhealach Féich agus Shrath an Urláir (BASICC) - An Fhinn trí lionsa an tionscadail;
2. Coiste Shlí Thaobh an Mhuillinn i mBaile na Finne, agus
3. Tionscadal in aghaidh an Truaillithe na Finne - FinnAPP ar tionscadal spéisiúil Timpeallachta/Caomhantais é i gceantar na Coirre Leacaí.
Chomh maith leis sin, mar chuid den Tionscadal seo cuireadh dlús le pleananna chun fáschoill uiscithe sailí a chur leis mar leibhéal breise cóireála i bhforbairt tithíochta faoi úinéireacht na Comhairle ag Lios Cúile.
Bainistíocht Dramhaíola
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i measc ceann de 9 nÚdarás Áitiúla i Réigiún






































































   84   85   86   87   88